Cormac mac Cuileannain

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaCormac mac Cuileannain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisneis
Breith 9 haois
Caiseal Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 13 Mean Fomhair 908 (Feilire Ghreagora)
Siocair bhais Titim de chapall
Ri na Mumhan
902 ? 908
←  Finguine Cenn nGecan mac Loegairi ? Flaithbertach mac Inmainen  →
Easpag
Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Gairm sagart , ri Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse ama Gluin an 10u aois
Teangacha An Ghaeilge
Ardu
La feile 13 Mean Fomhair Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Ceile Gormflaith ingen Flann Sinna Cuir in eagar ar Wikidata

Ri na Mumhan agus easpag ba ea Cormac mac Cuilennain (bas 13u Mean Fomhair 908). Bhi se i reim on mbliain 902 go dti a bhas ag Cath Bhealach Muna sa Laighean , ag iarraidh is amhlaidh chumhacht rithe ni Mumhan a athbhunu.

Measadh tae eis a bhais gur phearsa naofa e Cormac, agus duradh gur tharla mioruilti ag scrin ag Diseart Diarmada , Contae Chill Dara . Deirtear fosta gur scolaire mor e, luaite mar scribhneoir an tsaothair, l Sanas Cormaic , matain le Saltair Chaisil anois caillte, i measc eile. Is amhrasach e gur fior iad na nosanna seo uile. Ta a la feile ar an 14u Mean Fomhair. [1] deartha ag Sarah Purser agus deanta ag Alfred Ernest Child [2]

Culra [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Priomhalt: Rithe Eireann

Le linn aimsir Chormaic, bhi an tir roinnte ina tuatha beaga, 150 san iomlan b'fheidir, le hachar sa mhean de 500 cilimeadar cearnach agus daonra 3000, ach ba mhor iad na heagsulachtai sna meideanna sin. De nos ach ni i gconai, bhiodh ri, easpag agus cuirt ag gach tuath. Bhiodh scata tuath faoi cheannas ri ruire amhain, agus iad siud faoi cheannas rithe na gcuigi mora: Connacht , Laighean , Uladh , riocht na Mi agus Mumhain . Is feidir rithe Ui Neill an Tuaiscirt agus an Deiscirt a chur san aireamh.

Riochtai agus dreamanna in Eirinn; faoi aimsire Chormaic, bhi Osrai faoi cheannas na Laighean Leinster, ce go mbeadh se aris i gcomhaontas le riocht na nEoghanacht faoi bhas Chormaic

As rithe na gcuigi, thoghadh Ardrithe na hEireann , rithe deasghnacha trath da raibh, ach le cumhacht a bhi ag dul i meid sna 8u agus 9u haoiseanna. [3] Agus Cormac i reim, Flann Sinna , ball de Chlann Cholmain , Ui Neill an Deiscirt , ba ea an tArdri.

Le linn re na Lochlannach , lonnaigh na dreamanna ud feadh an chosta. D'eirigh siad lag afach nuair a scrios reamhtheachtai Fhlainn, Aodh Fionnliath , a lonnaiochtai ar an gcosta thuaidh. Chuir comhghuaillithe Fhlainn an ruaig orthu as Ath Cliath sa bhliain ina ndearnadh ri de Chormac. [4]

De reir na nginealach , na bhall d' Eoghanacht Chaisil e Cormac, ach de mhion gheag den chlann thabhachtach seo. Deirtear gur sliochtach den 11th gluin e d' Aonghas mac Nadh Fraoigh , nach raibh duine da mhuintir san aireamh mar rithe Chaisil. Is e de bharr seo go meastar gur iarrthoir comhreitigh e, maraon le ri-easpaig eile den 9u haois. [5]

Insitear i n Annala na gCeithre Maistri , cnuasach den 17u haois bunaithe ar abhair nios luaite ach ina measc neamhiontaofa, gur muineadh Cormac ag Snedgus Dhiseart Diarmada . [6] [7] Maitear i bhfoinsi nios deireanai go raibh se geallta no posta le Gormlaith ni Fhlainn Sionna, ach gur thog se moid aontumha. Molann Russell gur breagstair ata ann, agus dar le Byrne , ta mearchuimhne ann de scealta bhandia an fhlaithis . [8] [9]

Is cinnte e gurbh easpag e Cormac, roimh agus le linn a riogachta, ach ni fios go cruinn cen chathaoir a bhi aige, Caiseal b'fheidir, e sin no Imleach .

Ri-Easpag [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Roghnaigh Cormac mar ri na Mumhan tar bhas Finghin Ceann Geagan , maraithe go fealltach de reir Annala Uladh , agus ag Cineal Chonaill Chaisil, geag d'Eoghanacht Chaisil, dar le h Annala Inis Faithlinn . [10] [11] Glaoitear i n Annala Inis Faithlinn air: "in t-uasalepscop & in macc og" (an t-uasail easpag agus an t-aontumhach [ogh] ). [12]

D'fheadfadh e go ndearnadh Cormac iarracht, udaras rithe na Mumhan ar na Laigin a fhail ar ais, agus fosta bheith ina Ardri. Ta craiceann an tuaiscirt agus ar son Ui Neill ar an stair i bhformhor na bhfoinsi ata ar marthain, claonta in aghaidh na nEoghanacht. [13] [14] Tuairiscitear ach amhain i nAnnala Inis Faithlinn (de chuid an deiscirt) don bhliain 907 go raibh Cormac ar feachtas in eadan na g Connacht agus Riocht na Mi , inar chloigh se Flann Sionna . Insitear iontu siud fosta go raibh cabhlach aige ag triall ar ord Chormaic ar an Sionainn a ghabh Cluain Mhic Nois . [15] [16]

Cath Belaig Mugna [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 908, cruinniodh arm ag Cormac agus a phriomhchomhairleoir agus abb Inis Cathaigh , Flaithbheartach mac Ionuinin , in aghaidh na Laigin , a raibh a ri Cearbhall mac Muireacain ina mac cheile agus chomhghuailli buan Fhlainn Sionna . Ta mionchuntas ar an eachtra seo, le fail i n Annala Easpacha na hEireann , tiomsaithe san 11u haois, scriofa b'fheidir le cuimhne na ndaoine, ar son Dhonnchadha mhic Giolla Padraig , ri Osrai agus na Laigean . [17]

Agus Flaithbheartach ag marcaiocht tri champa an airm, thuisligh a chapall agus chaith e chun talaimh. Ni raibh de mhisneach ag fir na Mumhan de dheasca an drochthuar seo. Agus an sceala seo ar an eolas aige, mhol Cearbhall socru idirbheartaithe. D'iocfadh na Laigin cain agus gheillfidis gialla, ach thogfai na gialla do Moenachem , abb Dhiseart Diarmada . Bhi Cormac sasta e seo a glacadh, ach sasta ni raibh Flaithbheartach — 'saoi oilc' Chormaic. [18] D'aitigh se ar Chormac troid, in ainneoin chreideamh an ri go marofai e. [19] [20] [21]

De bharr seo, agus an sceala go raibh Flann agus Ui Neill tagtha chun tacu le Cearbhall, tharla treigean as arm Chormaic, ach chuaigh se chun catha mar sin fein. Bhuail se le Cearbhall agus Flann ag Bealach Muna . Insitear i nAnnala Easpacha: "as ettreabhair anorduightheach dno tangattar fir Mumhan dochum an chatha". Ba ghearr gur imigh siad ag line agus theith an fod. Maraiodh go leor acu, Cormac ina measc, oir gur briseadh a mhuineal tar eis do titim da chapall. Gabhadh Flaithbheartach. [22] [23] [24] [25] [26] [27]

Baineadh a cheann de Chormac agus tugadh e chuid Flann Sinna. Insitear i nAnnala Easpacha:

‘As olc imorro,’ ad-rubhairt Flann riu-siomh, & ni buidheachas do rad dhoibh. ‘Mor an gniomh,’ ar se, ‘a cheann do ghoid don epscop naomh; a onoir imorro as eadh do ghen-sa, & ni a foirdhing.’ Ra ghabh Flann an ceann 'na laimh, & ro phog e, do rad 'na thimchioll fo thri an ceann coisreaca, & inn fhiormairtireach.
"Is olc e seo," a duirt Flann leo, agus ni buiochas a thug se doibh. "Mor an gniomh," ar se, "a cheann a bhaint den easpag naofa; a onoir is ea a dheanfaidh me, agus ni a fhordhingeadh." [28] Ghabh Flann an ceann ina laimh, agus phog e, agus rug se ina thimpeall faoi thri an ceann coisricthe, agus an fiormhairtireach. [29] [30]

I ndiaidh bhas Chormaic, is amhlaidh go raibh an Mumhain gan ri le roinnt bliana, go dti gur roghnaiodh Flaithbheartach mac Ionuinin, iarrthoir comhreitigh eile sa chas seo. [31]

Naomh agus scolaire [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Measadh de reir foinsi comhaosaigh gur naomh e Cormac. Insitear i n Annala Easpacha na hEireann gur adhlacadh e ag Disert Diarmada, ag ra:

corp Cormaic ... a n-denann fearta & miorbhaille. [32] [33]
Iocon Cheartchreidmheach an Oirthir ag leiriu naoimh Chormaic, le hAidan Hart.

Tugann ardmholadh do Chormac sna hAnnala Easpacha, ag lua chlu a chuid scolaireachta agus craifeachta:

Saoi na Gaoidhilge & na Laidine, an t-airdepscop lanchraidhbheach lainiodhan, miorbhulda i n-geanus & i n-earnaighthe, an saoi reathardhachda, & gach eagna, gach feassa, & gach eolais, saoi filiachta & fhoghluma, ceann desheirce, & gach sualcha, & saoi foircheadail, airdri da choigeadh Mumhan uile re re
Saoi na Gaeilge Irish agus na Laidine, an t-ardeaspag lanchraifeach agus lan-ion, mioruilteach i ngeanas agus i n-urnai, saoi rialaithe agus gach eagna, gach feasa, gach eolais, saoi filiochta agus foghlama, ceann deirce agus gach suailce, saoi foirceadail, ardri dha chuige na Mumhan uile da re [34]
Paineal ar bhun na Croise Thuaidh ag Ath Eine , Contae Thiobraid Arann , ar theorainn na Mumhan agus Osrai, a leirionn sochraid a mheastar scaiti gur Cormac ata ann. [35]

Ta roinnt saothar ann ata nasctha le Cormac. Ta Sanas Cormaic ann, gluais le focail Gaeilge casta ar nos Isidore Seville . Ce go dteann bunleagan an teacs siar go dti re Cormaic, ni leir e ce na ea an tiomsaitheoir. Ta Saltair Chaisil (anois caillte) agus Leabhar na gCeart ceangailte le Cormac freisin. Mar a chaomhnaitear inniu iad, is doigh gur d'aimsir Mhuirchertaigh Ui Bhriain iad. [36] [37] Luann Liam Breatnach Amra Senain le Cormac. [38]

Ginealach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Cormac mac Cuilennain mhic Sealbaigh mhic Ailgile mhic Eochadha mhic Colmain mhic Dunchadha mhic Duibh Indreacht mhic Faradrain mhic Eochadha mhic Breasail mhic Aonghas mhic Nadh Fraoigh mhic Coirc . [39]

Foinsi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. St. Cormac of Cashel, King & Bishop , Celtic Saints
  2. " Gazetteer of Irish Stained Glass " (1988). Baile Atha Cliath: Irish Academic Press.  
  3. Byrne, Irish Kings , ll. 46–47.
  4. O Croinin, Early Medieval Ireland , ll. 254–256.
  5. Byrne, Irish Kings , ll. 214 & 292.
  6. Russell, "Cormac"
  7. Annala na gCeithre Maistri , ACM 885.11.
  8. Russell, "Cormac"
  9. Byrne, Irish Kings , lch. 164.
  10. Annala Uladh , AU 902.1
  11. Annala Inis Faithlinn , AI 902.1.
  12. AI 901.3.
  13. Hughes, Early Christian Ireland , ll. 136–137
  14. Byrne, Irish Kings , lch. 203.
  15. Russell, "Cormac"
  16. AI 907.1, 907.3 & 907.4.
  17. Wiley, "Cath Belaig Mugna".
  18. Byrne, Irish Kings , lch. 214
  19. Wiley, "Cath Belaig Mugna"
  20. Russell "Cormac"
  21. Annala Easpacha na hEireann , FA 423.
  22. Wiley, "Cath Belaig Mugna"
  23. Russell "Cormac"
  24. FA 423
  25. Annala Uladh , AU 908.3
  26. Annala Inis Faithlinn , AI 908.2
  27. Annala na gCeithre Maistri , ACM 903.7.
  28. fordhing , bruigh sios, ar teanglann.ie
  29. FA 423
  30. Byrne, Irish Kings , ll. 214–215, a thugann faoi ndeara gur mhairtireach e gach cleireach a d'eagadh d'anbhas.
  31. Byrne, Irish Kings , lch. 204.
  32. Annala Easpacha na hEireann , FA 423
  33. Dumville, " Felire Oengusso ", lch. 36.
  34. FA 423.
  35. Crawford, Irish Carved Ornament , learaid ui. 150 agus leirmheas ar ll. 73–74.
  36. Russell, "Cormac"
  37. Byrne, Irish Kings , lch. 192.
  38. Breatnach, Liam, “An edition of Amra Senain”, in: O Corrain, Donnchadh; Liam Breatnach agus Kim R. McCone (eag.), Sages, saints and storytellers: Celtic studies in honour of Professor James Carney , Maynooth Monographs 2, Maigh Nuad: An Sagart, 1989, ll. 7?31.
  39. Byrne, Irish Kings , lch. 292.