On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Is
duil cheimiceach
sinteiseach e an
copairniciam
.
[1]
Is i an
uimhir adamhach
ata aige na 112, agus is e an giorruchan a sheasann do sna foirmli ceimiceacha na
Cn
. Nil ach iseatoip eagobhsai radaighniomhacha ag an gcopairniciam, agus meath radaighniomhach ag teacht orthu chomh tiubh is nach feidir moran a fhail amach i dtaobh shaintreithe ceimiceacha na duile seo. Ni duil nadurtha e an copairniciam, agus mar sin ni feidir meachan adamhach a aireamh do: ina ait sin tugtar lion na nuicleon ag an iseatop is cobhsai, mar ata, 285. Ta an t-iseatop sin fein thar a bheith eagobhsai, no is i an leathre ata aige na 28 soicind.
Gineadh an chead adamh copairniciam in
Institut fur Schwerionenforschung
no an Institiuid um Thaighde ar na hIain Troma in
Darmstadt
sa Ghearmain sa bhliain 1996. Ba iad Sigurd Hofmann agus Victor Ninov a bhi i gceannas ar an bhfoireann taighde a bhi i gceist. Sa bhliain 2009 a thug Cumann Idirnaisiunta na gCeimiceoiri (IUPAC) orthu ainm ceart a cheapadh don duil nua, agus is e an t-ainm a roghnaigh siad na
copairniciam
le hurraim a thabhairt do
Nioclas Copernicus
(Mikołaj Kopernik), an realteolai ceannrodaioch on bPolainn.