한국   대만   중국   일본 
Comhriachtain - Vicipeid Jump to content

Comhriachtain

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Caidreamh collai sa suiomh misineireachta arna leiriu ag Edouard-Henri Avril (1892)

Is e is comhriachtain no caidreamh collai ann na teagmhail chollai idir neach baineann agus neach fireann a bhfuil coimpeart agus clannu mar chuspoir lei. Thairis sin, afach, bionn daoine, bonobonna (mionsiompansaithe) agus deilfeanna ag cleachtadh comhriachtana fiu nuair nach bhfuil an baineannach faoi eastras (ar dair), ar mhaithe leis an sult amhain.

Is e an teilgean gnathchainte sa Ghaeilge a thagraionn don chomhriachtain na bheith ag bualadh craicinn , bheith ag bualadh leathair , no bheith ag streachailt leathair . Is ionann cursai leathair agus cursai collaiochta, cursai comhriachtana. Bionn go leor cleachtas collai eile ag na daoine, cosuil le faoiseamh na laimhe agus faoiseamh an bheil, nach feidir "comhriachtain" a thabhairt orthu, os rud e nach scaoiltear an siol isteach san fhaighin . On taobh eile de, ta a leitheid de chleachtas ann agus comhriachtain anasach no comhriachtain trid an toin, ina scaoiltear an siol, de ghnath, isteach sa reicteam .

Is gnach leis na daoine reamhimirt leapa a dheanamh roimh an gcomhriachtain. Bionn an lanuin ag cuimilt a cheile agus ag tadhall baill ghiniuna a cheile le treisiu leis an eiri collai. Da thoradh sin, is dual do bhall giniuna an fhir, is e sin, an bod , eiri crua, agus faighin na mna ag eiri fliuch le sreabhan. Ma fhaigheann an lanuin go bhfuil a ndothain eiri orthu, safaidh an fear a bhod isteach san fhaighin, agus e a bhogadh ar aghaidh agus ar gcul aris taobh istigh den bhean. Nuair a shroichfidh an fear a shunas, is e sin, buaic a eiri chollai, scaoilfidh se lena shiol, agus trithi ag dul tri mhatain a bhoid. Maidir leis an mbean, is feidir leise sunas a shroicheadh chomh maith, agus na trithi ag dul trina faighin. Is e is fonn collai ann na an fonn chun na trithi seo a mhothu, os rud e go bhfaigheann an duine go bhfuil sult ar leith ag baint leo.