Colm O Gaora

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaColm O Gaora
Beathaisneis
Breith 29 Eanair 1887
Bas 13 Marta 1954
67 bliana d'aois
Gniomhaiocht
Gairm oideolai , priosunach polaitiochta , eitneolai Cuir in eagar ar Wikidata

Scribhneoir agus naisiunai Eireannach a bhi i g Colm O Gaora (1887?1954). [1] Scriobh o Gaora do nuachtan Chonradh na Gaeilge , An Claidheamh Solais agus foilsiodh dha leabhar ona pheann Mise agus Obair is Luadhainn . [2]

Saol [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh O Gaora in Inbhear i Ros Muc , Conamara , ar an 29u Eanair 1887. Ba e Colm an triu mac, agus an seu duine, de chlann Sheain Phadraic Mhicil Eamuinn Mhaolra Ui Ghaora agus Mhaire Ni Shuilleabhain. D'fhreastail se ar scoil naisiunta an Ghoirt Mhoir. Ni raibh Gaeilge ar bith a muineadh sa scoil, ce gurbh i an Ghaeilge priomhtheanga na ndaltai. Bhi an-duil sa Ghaeilge agus san oideachas aige.

An Claidheamh Soluis

Chuir se aithne ar Phadraig Mac Piarais nuair a thosaigh an Piarsach ag teacht go Ros Muc. Bhi fonn scribhneoireachta ar Cholm, agus thaispeain a shaothar don Phiarsach. Mhol seisean do leanacht air. Fuair se sceal dar teideal 'Scolbglas Mac Ri 'n Eirinn' ona athair Sean, agus cuireadh i gclo e sa Chlaidheamh Solais , agus lean ar feadh seacht seachtaine sa nuachtan sin. Fuair se post mar mhuinteoir de chuid Chonradh na Gaeilge i dTuar Mhic Eadaigh. Ina dhiaidh sin cheannaigh se rothar agus chuaigh se i mbun oibre mar mhuinteoir taistil.

Bhi se ina bhall de Choiste Gno an Chonartha. Sa mbliain 1905, bhailigh O Gaora cnuasach amhran ina cheantar duchais fein agus d'fhoilsigh 'Fibin' e.

Sa mbliain 1911 a foilsiodh Sidheog na Rann , amhrain a raibh bailithe aige i Ros Muc, Loch Con Aortha, agus Maigh Eo. 'An Gruagach Ban' an t-ainm cleite a bhi air.

Bhi se ina bhaill de Chumann Bhraithreachas Poblachta na hEireann agus fuair cead cumainn a chur ar bun i gConamara. Bunaiodh ceithre chathlan i gConamara agus bhi O Gaora i gceannas ar chathlan a do. Gabhadh e i mbliain Eiri Amach na Casca.

Sa mbliain 1917, tionoladh comhdhail faoi run i bPairc an Chrocaigh agus socraiodh ar athbheochan a dheanamh ar na hOglaigh ar fud na hEireann. Toghadh O Gaora ar an Ard Chomhairle. Bhi se pairteach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad agus chaith treimhsi fada i bpriosun. Sa mbliain 1920 bhi cuireadh se fein agus seisear eile i bpriosun na Gaillimhe ce nach raibh tada curtha ina leith, agus chuaigh siad ar stailc ocrais. Agus e sa bpriosun sin, ceapadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe e, agus toghadh mar chathaoirleach ar Bhord Cheantar Uachtar Ard. Bhi O Gaora agus a bhuion aistreach , mar thugadh se orthu pairteach sa luiochan idir Scrib agus Ros Muc, agus an troid i Muintireoin, i nDuiche Sheoigheach.

Bhi baint aige le bunu An Stoc , paipear Gaeilge miosuil Connachtach. Tomas O Maille a bhi mar eagarthoir, agus ba e an tAthair Tomas O Ceallaigh an bainisteoir. Mhair an nuachtan go dti 1932. Scriobhadh O Gaora 'Cuinne an tSeanora' go dti 1921 ach ni raibh aon deileail aige leis an bpaipear ina dhiaidh sin mar thaobhaigh se leis an gconradh Angla-Eireannach. Dhoigh na Duchronaigh tigh Ui Ghaora sa mbliain 1921.

Chaith O Gaora cuig bliana i Meiricea, ait a raibh scoil Ghaeilge aige i gcathair Nua-Eabhrac. Bhiodh scoil oiche aige ina ceantar duchais, agus in Iorras Aithneach. Scriobh se saothar dirbheathaisneiseach, Mise

Cailleadh Colm O Gaora ar an 14 Marta 1954, agus cuireadh i reilig Chill Bhriocain i Ros Muc e.

Saothar [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Chomh maith le hailt agus litreacha, cuireadh seo i gclo:

  • Fibin, bailiuchan amhrain, 1905.
  • Sidheog na Rann, bailiuchan amhrain 1911.
  • Obair is Luadhainn, saoghal na Gaeltachta 1937.
  • Mise, a bheathaisneis, 1943.

Aistriuchain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Emmet's Days le Seamus O Murchadha go Gaeilge.
  • The Autobiography of a Supertramp le W.A. Davis go Gaeilge.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Oliver Snoddy, ‘Notes on Literature in Irish Dealing with the Fight for Freedom’, in Eire-Ireland, 3, 2 (Summer 1968), pp. 138-48.
  1. Diarmuid Breathnach agus Maire Ni Mhurchu . “ O GAORA, Colm (1887?1954) | ainm.ie ” (ga). An Bunachar Naisiunta Beathaisneisi Gaeilge (Ainm.ie) . Data rochtana: 2024-02-19.
  2. Seosamh O Cuaig (23 Feabhra 2023). " Caint le tabhairt faoin scribhneoir Colm O Gaora ar an gCeathru Rua " (ga-IE). Tuairisc.ie . Data rochtana: 2023-02-23.