Cinedhiothu na nAirmeanach

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCinedhiothu na nAirmeanach
Íomhá
Cineal cinedhiothu
foreigean eitneach
imirce eigeantais Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse 24 Aibrean 1915 - 
Data na bliana 1915 Cuir in eagar ar Wikidata
Suiomh an Impireacht Otamanach, An Impireacht Otamanach
Western Armenia (en) Aistrigh
Six vilayets, An Impireacht Otamanach (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tir an Impireacht Otamanach Cuir in eagar ar Wikidata
Sprioc Airmeanaigh agus Ottoman Armenian population (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Iospartach Ottoman Armenian casualties (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Lion basanna 1,200,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Deantoir na coire Ottoman Army (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is e Cinedhiothu na nAirmeanach an rodach a rinneadh ar phobal Airmeanach na Tuirce sna blianta 1915 - 17 , nuair a bhi pairti na dTurcach Og i gceannas ar Impireacht Otamanach [1] .

Airmeanaigh a bpriosunu, 1915ː Cuirtear sibhialtaigh Airmeanacha ag mairseail tri bhaile Mezireh i Kharpert, An Airmein, agus iad a dtionlacan ag saighdiuiri Turcacha
Bhi na Airmeanaigh ina gconai in oirthear Impireacht na Tuirce
Na sluachampa i agus na bealai eatarthu
Rafael de Nogales Mendez (1879-1936), le Veiniseala n-oifigeach a bhi san arm Ottoman, scriobh cuntas mionsonraithe ar an massacres ina leabhar "Cuatro anos bajo la media luna"

Imeachtai [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Roimh reabhloid na dTurcach Og, bhi na h Airmeanaigh faoi choimirce an tSabhdain mar mhionlach dleathach. Ce nar chinntigh an dli Ioslamach cothrom na Feinne do na mionlaigh reiligiunda, bhi siad i dteideal a gcirt agus a gcosanta. Mar sin fein, rinneadh gearleanuint ar na hAirmeanaigh o am go ham, go hairithe sna blianta 1894 - 1897 .

Go gairid roimh an Chead Chogadh Domhanda , thainig na Turcaigh Oga, runchumann reabhloideach naisiunaioch, i gceannas ar Impireacht na Tuirce . Ar dtus, bhi eagraiochtai polaitiula Airmeanacha ann agus iad ag tacu leis na Turcaigh Oga, no shil siad gur dul chun cinn a bhi ann. De reir a cheile, afach, thainig se chun solais go raibh reabhloid na dTurcach Og bunaithe ar naisiunachas eisiach Tuirceach.

Sa Chead Chogadh Domhanda, chuaigh na Turcaigh leis an nGearmain agus chuir siad cogadh ar an Ruis Impiriuil leis na criocha a fhail ar ais a bhi caillte ag Impireacht na Tuirce. D'ionsaigh na Turcaigh na criocha Tras-Chugasacha, ach bhris na Ruisigh an cath orthu i Sarikamis i dtus na bliana 1915. Ba e an tatal a bhain Mehmet Talat Pa?a, Aire Gnothai Inmheanacha na Tuirce, as an sceal go raibh na hAirmeanaigh ag comhoibriu leis na Ruisigh, agus d'ordaigh se daonra Airmeanach na h Anatoile Thoir a athlonnu go dti an Mheasapotaime agus an tSiria .

1915 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I g Cathair Chonstaintinin ar an 24 Aibrean 1915 , gabhadh udarais Otamanacha 250 ceannaire agus intleachtach Airmeanach. Ag an am ceanna, d'ionsaigh na Comhghuaillithe an Tuirc ce nach raibh baint ann b'fheidir leis an Chead Chogadh Domhanda .

Thar na blianta ina dhiaidh seo fuair thart ar 1.5 mhilliun Airmeanach bas, idir fhir, mhna agus leanai, mar gheall ar shleachtanna, ar shluachampai geibhinn agus ar mhairsealacha bais. [2]

D'iompaigh an t-"athlonnu" seo ina chinedhiothu a bhi cosuil leis an Uileloscadh fein. Cuireadh campai geibhinn ar bun do na hAirmeanaigh, agus bhi siad a maru, a n-eigniu agus a gcreachadh ag sibhialtaigh Thurcacha. Ni dhearna na saighdiuiri Turcacha a dhath leis an mbruidiulacht seo a stopadh - a mhalairt ar fad, bhi siad pairteach inti go minic. In aiteanna, maraiodh Airmeanaigh le gas no le nimh de chineal eile.

On taobh eile de, bhi ba ag a lan sibhialtach Turcach leis na hAirmeanaigh nuair a chonaic siad an rodach ag siul ar dhaoine neamhurchoideacha, agus d'uchtaigh siad cuid mhor paisti Airmeanacha le hiad a tharrthail.

Cinedhiothu na nAirmeanach agus an tUileloscadh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi cinedhiothu na nAirmeanach ina reamh-mhunla don Uileloscadh ag Adolf Hitler ina dhiaidh sin. Ce go raibh an cinedhiothu seo i mbeal an phobail go gairid tar eis an Chead Chogadh Domhanda , rinneadh dearmad de go sciobtha, agus da reir sin, bhi Hitler den tuairim go bhfeadfadh se pobal Giudach na hEorpa a mharu gan a chloigeann a bhuaireamh faoi thuairim phoibli an domhain . Wer redet heute noch von der Vernichtung der Armenier? , a duirt se - "an bhfuil aon duine ag tracht ar chinedhiothu na nAirmeanach i gconai?"

Cinedhiothu na nAirmeanach sa litriocht agus sna scannain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Teama tabhachtach is ea an cinedhiothu seo i litriocht na nAirmeanach fein, ar ndoigh. Thairis sin, afach, scriobh Franz Werfel an t- ursceal cluiteach Die vierzig Tage des Musa Dagh faoi. Lenar linn fein, bhi cinedhiothu na nAirmeanach a phle ag an stiurthoir Ceanadach Atom Egoyan ina scannan Ararat . Is feidir cuntas gearr ar an gcinedhiothu a leamh i leabhar Robert Fisk The Great War for Civilisation : The Conquest of the Middle East .

Conspoidi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tearma conspoideach e ‘Cinedhiothu na nAirmeanach’. Ni ghlacann an Tuirc leis ar chor ar bith [3] toisc, a deir Iostanbul inniu, nar beartaiodh bas an mhilliuin go leith Airmeanach a d’eag roimh re (mar a tharla i gcas cinedhiothu na nGiudach). Glaonn na Turcaigh ‘Eachtrai 1915’ ar ar tharla.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]