한국   대만   중국   일본 
Cill (bitheolaiocht) - Vicipeid Jump to content

Cill (bitheolaiocht)

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.

Is i an chill (on Laidin "cella", rud a chiallaionn "seomra beag") an t-aonad bunusach struchturach, feidhmiuil, agus bitheolaioch de gach organach beo, agus an t-aonad is lu gur feidir a mhacasamhlu go neamhspleach. Go minic, tugtar bloic thogala na beatha orthu. Glaoitear Bitheolaiocht cheallach ar staidear na gceall.

Bionn cealla comhdheanta de chiteaplasma a bhionn scannanfholaithe , ina bhfuil go leor bithmhoilini , mar shampla proiteini agus aigeid nuicleasacha . Is feidir organaigh a rangu mar aoncheallach (comhdheanta de chill aonair; lena n-airitear baicteir ) no ilcheallach (lena n-airitear plandai agus ainmhithe ). Ce nach ionann lion na gceall i bplandai agus ainmhithe o speiceas go speiceas, bionn thart ar 100 trilliun (1014) cill san duine. Ta an chuid is mo de na cealla i bplandai agus ainmhithe sofheicthe ach amhain faoin micreascop, le toisi idir 1 agus 100 micrimeadar .

Ba ea Robert Hooke a chead d'aimsigh an chill, sa bhliain 1665. Nuair a chonaic Robert Hooke planda i micreascop bhi se cosuil le mainistir. Chum Robert Hooke tearma nua: “cill.” Deir "Teoiric na gCeall", a thainig chun cinn sa bhliain 1839 a bhui le Matthias Jakob Schleiden agus Theodor Schwann , go mbionn gach organach comhdheanta de chill amhain no nios mo, gurb iad na cealla aonad bunusach an struchtuir agus na feidhme, i ngach organach beo, go dtagann gach cill o chill eile a bhi ann roimhe, agus go bhfuil, ag gach cill, an fhaisneis oidhreachtuil is ga chun feidhmeanna na cille a rialu agus faisneise a tharchur don chead ghluin eile. Thainig cealla chun cinn ar an Domhan, ar a laghad 3.5 billiun bliain o shin.