한국   대만   중국   일본 
Ciainid - Vicipeid Jump to content

Ciainid

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.

Is ian i an chiainid a bhfuil aon adamh carboin amhain agus aon adamh nitrigine amhain ann, agus lucht leictreach diultach singil aige. Ta nasc comhfhiusach triarach idir an da adamh san ian seo, agus is ionann struchtur leictreonach na ciainide agus an mhoilin nitrigine, N 2 . CN - an fhoirmle cheimiceach. Ma thugann moilin an aigeid phruisigh HCN, ar a dtugtar ciainid hidrigine freisin, ian hidrigine H + uaidh in imoibriu aigeid agus buin, gheofar ian ciainide, agus mar sin, ta an t-ian seo le fail ina lan comhdhul ianach ar feidir dearcadh orthu mar shalainn de chuid an aigeid phruisigh, cosuil le ciainid soidiam NaCN agus ciainid potaisiam KCN.

Is feidir teacht ar an gciainid mar ghrupa adamhach sna comhdhuile organacha freisin - is e sin, comhdhuile casta de chuid an charboin. I moilini organacha, nil an chiainid ina hian, no ta nasc comhfhiusach idir adamh carboin eigin agus an t-adamh carboin sa ghrupa ciainide. Tugtar nitrili ar chiainidi organacha den chineal seo. Is i an aiceitinitril CH 3 CN an nitril is simpli.

Nimh laidir is ea an chiainid - is e sin, an t-ian fein. Is e is cuis leis seo na go bhfuil si abalta ceann de na heinsimi a chosc ata riachtanach le leas a bhaint as an ocsaigin analaithe. Mar sin, deanann si dochar sciobtha do na fiochain sa cholainn ata i dtuilleamai na riasproide aerobai thar aon fhoinse fuinnimh eile - larchoras na nearog (an inchinn san aireamh) agus an croi , ach go hairithe. D'fheadfa a ra gurb e is eifeacht don nimhiu ciainide na go dtachtfar an t-othar ce go bhfuil a dhothain aeir agus ocsaigine ina thimpeall aige.

Na comhdhuile ina bhfuil an grupa adamhach seo, bionn siad go leir nimhiuil, ach braitheann se ar chomh furasta agus ata se an t-ian ciainide a scaoileadh saor uathu. Mar sin, bionn ciainidi na miotal, cosuil le KCN agus NaCN, uafasach dainsearach, no scaoilfear an t-ian ciainide iontu saor a thuisce is a thiocfaidh siad i dteagmhail leis an uisce . Maidir leis na nitrili, afach, ta nasc comhfhiusach iontu idir an grupa ciainide agus an chuid eile den mhoilin, agus mar sin, bionn se deacair an t-ian ciainide a dhealu, ionas go bhfeadfaidh se a chuid mioscaise a dheanamh. Is feidir leis an meitibileacht an t-ian a scaoileadh saor ceart go leor, rud a chiallaionn go bhfuil nimhiulacht airithe ag baint leis na nitrili, ach nil siad leath chomh dona le ciainidi na miotal.

Is feidir leis an ian ciainide pairt na liogainne a dheanamh in iain choimpleascacha, ar nos na fearoiciainide. Is eard ata i gceist leis an bhfearoiciainid na ian iarainn (II) a bhfuil se ian ciainide grupailte ina lioganna ina thimpeall. Tugtar heicsicianoifearait (II) ar an gcoimpleasc seo freisin, agus is i an fhoirmle cheimiceach ata aige na [Fe(CN) 6 ] 4- . Sa choimpleasc fearoiciainide, ta na hiain chiainide chomh dluthcheangailte den iarann agus go bhfuil an t-iomlan sach neamhurchoideach don duine.

Is e an modh is simpli leis na hiain chiainide a aithint na tastail an ghoirm phruisigh. Go bunusach, cuirtear beagainin sulfaite iarainn (II), no sulfaite feiriula, FeSO 4 , leis an tuaslagadh a gcreidtear go bhfuil ciainid ann. Ma bhionn ciainid ann, tiocfaidh dath gorm sa tuaslagadh - an gorm pruiseach, no comhdhuil na n-ian iarainn (II) agus na n-ian fearoiciainide.