한국   대만   중국   일본 
Carbhal - Vicipeid Jump to content

Carbhal

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachCarbhal
Saintreithe teicniula
Cineal sailing ship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Carbhal
Carbhal faoi choirneog ( Livro das Armadas )

Soitheach bheag eadaigh sho-ionramhailte is ea an carabhal , long a chum na Portaingealaigh sa 15u haois chun taiscealaiocht a dheanamh feadh chosta na hAfraice Thiar agus amuigh san Atlantach. Lig a chuid seolta laidineacha di imeacht faoi luas agus seoladh chun na gaoithe . Bhain na Portaingealaigh agus na Caistiligh feidhm as an gcarabhal sa 15u agus sa 16u haois le linn Re na Fionnachtana. Chuidigh si, mar sin, leis an gcoiliniu agus le smachtu na bpobal duchasach.

Bri an fhocail [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagann an t-ainm o caravela an Portaingeilise, agus d’fheadfadh sin teacht o q?rib na hArabaise, ainm a bhaineann le seanchineal loinge a dtugtar carabus uirthi i Laidin no κ?ραβο? i nGreigis, agus tagairt ann b’fheidir do long phlainc. [1]

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Siltear gurb i seo an iomha is cruinne de charbhall faoi sheolta laidineacha. Le fail ar an Retabulo de Santa Auta , saothar de chuid an 16u haois in Iarsmalann Naisiunta na hEalaine Arsa i Liospoin.
Macasamhail den charbhal Boa Esperanca i gcathair Lagos sa Phortaingeil.

Anuas go dti an 15u haois bhain na Portaingealaigh usaid as an mbairse agus as an baranal ( barinel ), soitheach beag a raibh crann amhain no fiu tri chrann inti, ramha aici agus i gan chaiseal tosaigh. Baineadh feidhm aist i gcomhair tradala, cogaiochta agus taiscealaiochta (mar shampla, i gcomhair lonnaiochta ar Mhaideara agus na hAsoir ). D’iompair si coirneoga agus, nios deanai, seol laidineach. D’fhag si lorg ar an gcarbhal, soitheach a cumadh timpeall 1450 faoi choimirce Einri Loingseora na Portaingeile agus i deanta ar mhunla na mbad iascaireachta. Bhi an carbhal nios inbheartaithe na na longa a thainig roimpi: gan de mheachan inti ach o chaoga go cead is seasca tonna, crann no tri inti agus seolta laidineacha a n-iompar aici a chuir ar a cumas baint den ghaoth . Mar shoitheach gan toirt agus cile eadomhain fuithi bhi si in ann seoladh cois costa agus suas abhainn, agus bhi si an-luath ar an aigean agus coirneoga a n-iompar aici. Bhi rath uirthi d’ainneoin narbh fheidir lei lasta mor na foireann mhor a iompar.

I gcursai tradala thainig an carrac ( nau i bPortaingeilise) in ait an charbhail le himeacht aimsire.

Dearadh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi dha chrann no tri chrann sna carbhail ba luaithe agus seolta laidineacha orthu, agus bhi ceithre chrann sna carbhail ba dheanai. Bhi na carbhail luatha, amhail an caravela tilhada sa 15u haois, idir 12 agus 18 meadar ar fad agus idir 50 agus 60 tonna de thoilleadh iontu, [2] coimheas ard d'fhad in aghaidh leithid acu timpeall 3.5 le 1, agus creat caol eileapsoideach acu (nar chosuil le creat cruinn an charraic).

Carbhal faoi choirneog [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa chuid deiridh den 15u haois rinne na Portaingealaigh carbhal nios toirtiula a raibh caiseal tosaigh agus caiseal deiridh aici, ce nach raibh siad chomh hard le caisil charraic. Ba chuid suntais i toisc go raibh coirneog a hiompar ar a crann tosaigh agus seolta laidineacha ar na tri chrann eile. Thugadh na Portaingealaigh “carbhal cruinn” uirthi ( caravela redonda ): samhlaiodh coirneog agus bolg uirthi mar rud cruinn.

Baineadh feidhm aisti i gcabhlaigh gharda chosta i ngar do Chaolas Gibraltar, agus mar thionlacai armtha ag longa tradala idir an Phortaingeil agus an Bhrasail agus ar Bhealach na Rinne. Deirtear uaireanta gur aisti a faisceadh an gaileon, agus bhi si a husaid fos sa 17u haois.

Liospoin agus Abhainn an Tagus (1572). Gaileon i lar an phictiuir, le carraic, ramhlong, carbhail chruinne, gnathcharbhail, agus soithi eile.

Notai [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Sleeswyk, Andre W. (1998). " Carvel-planking and Carvel Ships in the North οf Europe ". Archaeonautica 14 : 223?228 (224f.).  
  2. Russell, Peter E. (2000). " Prince Henry 'the Navigator': A Life ". Yale University Press.  

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Hussey, Matt (2011). "Carbhal". Freamh an Eolais . Coisceim . p. 117.