한국   대만   중국   일본 
Bitheagsulacht - Vicipeid Jump to content

Bitheagsulacht

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bitheagsulacht

Eagsulacht bhitheolaioch is ea bitheagsulacht , no nios cruinne fos, an raon is an ilghneitheacht cinealacha geiniteacha, speiceas is eiceachoras ar Domhan a athraionn le heabhloid .

Gearaionn gniomhartha daonna luas na bproiseas athraithe, rud a laghdaionn speicis no a dhiothaionn iad, fiu.

Polasaithe [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Siniodh conradh chun an bhitheagsulacht a chaomhnu is acmhainni bitheolaiocha a fhorbairt ar bhonn inmharthanach ag Cruinniu Mullaigh an Domhain i 1992 .

Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dli Athchoirithe Naduir an Aontais Eorpaigh in 2024. [1]

Ceiliurtar ar an 22 Bealtaine gach bliain an La Idirnaisiunta um Eagsulacht Bhitheolaioch, an Bhitheagsulacht agus Speicis Choimhthiocha Ionracha . [2]

Bitheagsulacht in Eirinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta an t-adh le hEirinn 31,000 speiceas plandai, ainmhithe agus fungas taifeadta a bheith aici. Ta nios mo na 20% de na speicis a ndearnadh measunu orthu in Eirinn i mbaol diothaithe agus ta stadas neamhfhabhrach ag 85% de na 59 gnathog is luachmhaire san AE. Ta nios mo na leath na bplandai duchasacha ag meath. [3]

Tuairisciodh sa bhliain 2024 go raibh drochbhail ar 85% de ghnathog a sainchosanta an Stait agus go raibh 46% diobh ag meath d'acht is d'airithe, agus gnathoga blathanna agus luibheanna duchasacha a scriosadh go seasta ? na dumhcha, na heanaigh, na leanta, na moineir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin diobh. Modhanna michoiriula feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mo, a deirtear ? inior tionsclaioch, banu talaimh agus truailliu uisce , srl. [4]

Polasaithe in Eirinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rinne an Tionol Saoranach um Bitheagsulacht moltai in 2022 (mar sh. go bhfeadfai reifreann a ghairm le bonn bunreachtuil a chur faoi chearta fiadhulra ).

Ritheadh An tAcht um Fhiadhulra (Leasu), 2023 [5] agus an Plean Gniomhaiochta Naisiunta na hEireann um Bitheagsulacht, 2023 don treimhse 2023-2030. [6] [7] Cuireadh dualgais ar gach aon fhoras poibli sa Stat gniomhu da reir, lena n-airitear Bord Iascaigh Mhara , Bord na Mona agus na hudarais aitiula. Ta ar gach udaras aitiuil plean bitheagsulachta da gcuid fein a chur i dtoll a cheile, a nuashonru agus a chur i ngniomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fail don t Seirbhis Pairceanna Naisiunta agus Fiadhulra , de reir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraiochtai a sharaionn an dli. [4]

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Nuacht RTE (2024-02-27). " Parlaimint na hEorpa ag glacadh leis an Dli Athchoirithe Naduir " (as ga-IE).  
  2. Hussey, Matt (2011). "Bitheagsulacht". Freamh an Eolais . Coisceim . p. 76.
  3. npws.ie (2023). " Plean Gniomhaiochta Naisiunta na hEireann um Bitheagsulacht 2023?2030 ". Data rochtana: 2024.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTE / Ciaran Lenoach (2024-01-25). " Plean Bitheagsulachta athnuaite le duil tuilleadh meatha a chosc " (as ga-IE).  
  5. oireachtas.ie (2023). " An tAcht um Fhiadhulra (Leasu), 2023 ". Data rochtana: 2024.
  6. " National Biodiversity Action Plan | National Parks & Wildlife Service ". www.npws.ie . Data rochtana: 2024-02-27.
  7. npws.ie (2023). " Plean Gniomhaiochta Naisiunta na hEireann um Bitheagsulacht 2023?2030 ". Data rochtana: 2024.
  8. Tionol Saoranach (2022). " Tionol Saoranach um Bitheagsulacht ". Data rochtana: 2024.