한국   대만   중국   일본 
Ballaonaid Chonaidhm na Ruise - Vicipeid Jump to content

Ballaonaid Chonaidhm na Ruise

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.

Ta Conaidhm na Ruise comhdheanta as cuig bhallaonad is ceithre scor, agus beirt ionadaithe ag gach aonad riarachain den chineal sin i gComhairle na Conaidhme, arb e teach uachtarach na Parlaiminte sa Ruis. Is feidir na haonaid seo a aicmiu ina se chatagoir, mar ata, poblachtai , cuigi - область/oblast´ an tearma Ruisise , criocha ( край/krai an tearma Ruisise), cuigi feinrialaitheacha ( автономная область/avtonomnaya oblast' an tearma Ruisise), ceantair fheinrialaitheacha (Ruisis: автономный округ/avtonomnyi okrug ) agus Cathracha Conaidhme .

  • Na poblachtai feinrialaitheacha : ta aon cheann fichead acu ann. Ta gach poblacht den chineal seo ainmnithe as mionlach eitneach aitiuil, agus i dtus baire, bunaiodh iad le feinrialtas de chineal eigin a chur ar fail don mhionlach. Go praiticiuil, is minic a bhionn an Ruisis agus an cultur Ruiseach chun tosaigh sna poblachtai seo. Ta a bunreacht agus a parlaimint fein ag gach poblacht den chineal seo.
  • Na cuigi : is e an cuige an ballaonad is tipiciula sa Chonaidhm. Ta seacht gceann is dha scor acu ann. Gobharnoir ata i gceannas ar gach cuige, agus is e an rialtas larnach i Mosco a cheapann e. Thairis sin, ta oireachtas de chineal eigin ann, agus na teachtai a votail isteach sna toghchain. Go ginearalta, is ionann ainm an chuige agus ainm na cathrach is mo sa chuige.
  • Na criocha : ocht gcinn acu ata ann. Nil moran difriochta idir iad seo agus na cuigi. Ainm stairiuil is ea an focal край ("crioch"), agus e ag tabhairt le tuiscint gur reigiun in aice leis an teorainn a bhi ann ar dtus.
  • Na cuigi feinrialaitheacha . Nil ach aon cheann amhain ann: Cuige Feinrialaitheach na nGiudach . Bunaiodh e sa bhliain 1934 mar "mhalairt Iosrael" do na Giudaigh, no bhi Stailin buartha faoin Sionachas agus faoin tionchar a bhi aige ar Ghiudaigh an Aontais Shoiveadaigh. Le firinne, ta an cuige suite sa Chian-Oirthear, cois na Sine, agus is beag Giudach a bhi sasta socru sios ansin.
  • Na ceantair fheinrialaitheacha . Ta se cinn ann. Ta siad idir eatarthu o thaobh an stadais de - nil siad chomh feinrialaitheach leis na poblachtai, ach ta siad nios feinrialaithi na na gnathchuigi. Le haghaidh na mionlach eitneach a bunaiodh na ceantair seo, cosuil leis na poblachtai feinrialaitheacha.