Is i
Beiriut
(
Araibis
: ?????, traslitriu: Bayr?t)
priomhchathair
agus priomhphort na
Liobaine
, agus is i an chathair is mo sa tir. Ta conai ar 1.2 milliun daoine sa chathair agus 2.1 milliun sa chulchrioch.
Bhi Beiriut ar na hionaid chulturtha agus trachtala ba thabhachtai sa Mheanoirthear o lar na
19u haois
i leith. Sa bhliain 1866 chuir misineiri Meiriceanacha an Colaiste Protastunach Siriach ar bun sa chathair agus e ar na chead institiuidi ardleinn ar mhunla Iartharach sa reigiun; mar fhreagair air sin d'oscail na hIosanaigh Ollscoil San Iosaf sa bhliain 1875. O na 1920idi i leith thainig preas beoga as Araibis agus Fraincis araon chun cinn sa chathair. Ionad tabhachtach don fhoilsitheoireacht as Araibis ab i Beiriut freisin, go hairithe i ndiaidh na 1950idi nuair a thainig deachtoireachtai chun cumhachta i dtiortha eile sa reigiun. Bhi tionscnamh bainceireachta an Mheanoirthir lonnaithe don chuid is mo i mBeiriut go dti na 1970idi.
Ni hamhain muintir na Liobaine o dhuchas a chuir le daonra na cathrach ach dha ghluaiseacht mhor teifeach fosta: na hAirmeanaigh a theith o shleachtanna na nOtamanach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistinigh a dibriodh ona n-aiteanna duchais nuair a bunaiodh Stat Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campai ar a n-airiodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.
D'imir
Cogadh Cathartha na Liobaine
scrios ar chuid mhaith de Bheiriut. Sa chogadh sin throid milisti Criostai i gcoinne milisti Moslamacha agus forsai armtha Palaistineacha; ghlac an tSiria agus Iosrael pairt sa chogadh fosta. D'eirigh leis na forsai Criostai smacht a chur ar oirthear na cathrach, agus bhi na Palaistinigh agus forsai an Ghluaiseachta Naisiunaigh Liobanaigh i gceannas ar an taobh o thiar. Scriosadh an chuid ba mho de shean-lar na cathrach, a bhi suite ar an bhfronta idir an da leath. Mhair an cogadh o 1975 go 1990. Tosaiodh ar atogail na cathrach ina dhiaidh, le hairgead an bhilliunai
Rafik Hariri
, a bhi ina phriomhaire freisin. Sa phroiseas sin, leagadh a raibh fagtha de sheanfhoirginti chroilar Bheiriut agus bhi conspoid ann maidir leis an bhealach a cuitiodh na hiar-aitritheoiri.
D'fhulaing an chathair ruathair bhuamala Iosraelacha i mi Iuil agus i mi Lunasa
2006
agus iad siud ag iarraidh an ruaig a chur ar fhorsai
Hisbollah
i ndeisceart na Liobaine. Rinneadh ionsai ar aerfort Rafik Hariri ar an
13u Iuil
agus dunadh e go deireadh na comhraice.
De reir nach raibh
daonaireamh
san
Liobain
on bhliain 1932
[1]
, nil aon fhigiuiri iontaofa le fail maidir le meid a lucht conaithe.
Go
stairi
uil b'iad na Moslamaigh Shunnacha, na Criostaithe Ceartchreidmheacha Greagacha agus na Criostaithe Caitliceacha Greagacha, na seicteanna reiligiunacha ba mho i mbailte mora an chosta Liobanaigh. Sa dara leath den
19u haois
thainig borradh ar lion na gCriostaithe Marunacha agus na nDrusach a d'aistrigh go dti an chathair ona n-aiteanna duchais i Sliabh Liobaine. O 1915 ta pobail thabhachtacha de Chriostaithe Ceartchreidmheacha Airmeanacha agus de Chriostaithe Caitliceacha Airmeanacha ina gconai sa chathair fosta. Tar eis an dara cogadh domhanda amhain a thosaigh inimirce suntasach o na reigiuin bhochta imeallacha ina raibh conai ar Shiigh na Liobaine, ceantar Jabal Amil i ndeisceart na tire go hairithe. Thainig luas faoin inimirce sin le linn an chogaidh chathartha nuair a bhi cuinsi fior-olc sa deisceart agus na hIosraelaigh, na Palaistinigh agus dreamanna eile i mbun cogaiochta ann. Anois ta siad ar na seicteanna is lionmhaire sa chathair agus an chuid is mo acu ina gconai i ndeisceart na cathrach, i gceantair bhochta ar a dtugtar Al-Dahiya ("an bruachbhaile"). Bhi roinnt
Giudach
ina gconai i gceantar beag darbh ainm "Wadi Abu Jamil", i ngaire don lar na cathrach, ach d'imigh siad on ait sin le linn an chogaidh chathartha. Athosclaiodh sionagog an cheantair sa bhliain 2010, mar sin fein, nuair a deisiodh ar deireadh thiar an diobhail a rinne buamai Iosraelacha do le linn an chogaidh chathartha. Bionn an teannas seictiuil ina fhadhb sa chathair o am an
chogaidh chathartha
i leith.
- ↑
"
Coip cartlainne
". Cartlannaiodh
an bunleathanach
ar 2009-03-25. Data rochtana: 2009-12-24.
| Is
siol
e an t-alt seo.
Cuir leis
, chun cuidiu leis an
Vicipeid
.
Ma ta alt nios forbartha le fail i dteanga eile, is feidir leat aistriuchan
Gaeilge
a dheanamh.
|