Aralt Mac Giolla Chainnigh

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaAralt Mac Giolla Chainnigh
Beathaisneis
Breith 13 Mean Fomhair 1959
64 bliana d'aois
Ingersoll, Ontario, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Gairm saighdiuir , gniomhai , muinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
Fostoir Colaiste Rioga Mileata Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: AraltMGC Cuir in eagar ar Wikidata

Gniomhai Gaeilge agus ceoltoir o Cheanada is ea Aralt Mac Giolla Chainnigh . Chaith se tamall fada mar shaighdiuir agus mar acadoir mileata, agus d'eirigh se as a phost in 2017. Ta dluthbhaint aige le Gaeltacht Bhuan Mheiricea Thuaidh .

Rugadh e mar Harold Timothy Kenny in Ingersoll in Ontario ar 13 Mean Fomhair 1959. B’as Dun Geimhin i g Contae Dhoire da mhuintir. Togadh i nGleann Ottawa e, ait ar thosaigh se ag seinm ar an bh fidil , agus ta se ag casadh cheol na hEireann o shin.

Saighdiuireacht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi Mac Giolla Chainnigh ar fiannas leis an 1u agus leis an 2u Cathlan de Choisithe Eadroma Ceanadacha an Bhanphrionsa Patricia agus leis an gCeanncheathru Reisiminteach. In 2009, bhi se ar fiannas leis an gCeanncheathru Reigiunach Ceannasaiochta (Theas) mar anailisi oibriochtuil a bhi freagrach as meastoireacht feachtais i Reigiun Deisceartach na h Afganastaine .

Bhi se ina chaptaen in Arm Cheanada. [1]

Leann [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D’eirigh thar barr leis i gcursai leinn agus spoirt ar scoil agus mar dhalta airm i gColaiste Mileata Royal Roads agus i gColaiste Rioga Mileata Cheanada. Ghnothaigh se ceim cead onoracha san Fhisic Innealtoireachta in 1982, agus bhain se ceim PhD amach sa Realtfhisic o Ollscoil Calgary i 1995. Fuair se BA o Ollscoil Athabasca in 2000.

Ceapadh e mar leachtoir i gColaiste Rioga Mileata Cheanada i 1992 agus tugadh ardu ceime do mar Ollamh Cunta agus ansin mar Ollamh Comhlach. Rinne se taighde ar chludach imrealtach realtai siomboiseacha, agus bunghrinniu le rada-thrasnamheadair idirnaisiunta. Bhi grinniu deanta aige freisin le tonnfhaid optacha agus x-ghathacha. Bhi obair theoiriciuil deanta aige ar shreabhdhinimic na ngaoth realtach agus iad ag imbhualadh faoina cheile, agus ar mhapail shinteiseach a moirfeolaiochta.

Gaeilge [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thosaigh Mac Giolla Chainnigh ag foghlaim Gaeilge i ranganna pobail in 1989, agus ta se ag muineadh na teanga e fein on mbliain 1994 i leith. Chuaigh se fein agus a chairde i gcaidreamh le heagraiochtai Gaeilge in Toronto agus Montreal, agus in 2000 chuaigh se i gceannas Chumann na Gaeltachta. Ba faoina stiuir a cheannaigh baill an Chumainn seachto acra in 2006 cois Abhainn na mBradan in aice le Tamworth agus Erinsville chun go bhfeadfadh Gaeilgeoiri agus foghlaimeoiri cruinniu le cheile ann am ar bith. Tugadh Gaeltacht Bhuan Mheiricea Thuaidh ar an ait, agus osclaiodh i in 2007.

Ta Mac Giolla Chainnigh ina bhall de Chomhaltas Ceoltoiri Eireann agus den North American Association for Celtic Language Teachers .

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. 'Officer’s complaint a royal pain, judge says,’ Globe and Mail , 22 Eanair 2008: http://www.theglobeandmail.com/news/national/officers-complaint-a-royal-pain-judge-says/article1050941/