한국   대만   중국   일본 
Aontu na hIodaile - Vicipeid Jump to content

Aontu na hIodaile

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAontu na hIodaile

Cuir in eagar ar Wikidata

Suiomh
Map
  42°30′N 12°30′E  /  42.5°N 12.5°E  / 42.5; 12.5
Risorgimento

Gluaiseacht pholaitiuil sa naou haois deag ab ea Aontu na hIodaile , no Aontas na hIodaile (Unita d'Italia) , no an Risorgimento go minic. Is e is bri leis an bhfocal sin Risorgimento na "aiseiri", go bunusach, ach is gnach an focal a usaid le tagairt do na cogai a tharla sa 19u haois agus aontu na hIodaile da bharr.

Reabhloid na Fraince [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

San ochtu haois deag fein, bhi iarrachtai ar bun chun na hIodaile a aontu. Bhi na morchumhachtai ag glacadh a mbuntaiste fein ar na staitini agus na mionphrionsachtai ar leithinis na Iodaile, agus bhi muintir na leithinse ag eiri tuirseach de seo.

I mblianta Reabhloid na Fraince , thainig Seacaibineigh Iodalacha le cheile i mbaicli tirghracha faoi thionchar na poblachta nua taobh thiar den teorainn. In aiteanna cosuil le Torino , Palermo , agus Napoli , b'iad na grupai beaga seo ba thuisce a d'eiligh go mbunofai poblacht aontaithe ar fud na hIodaile. D'eirigh siad amach in aghaidh na n-udaras uair i ndiaidh uaire sa dara leath de nochaidi na hochtu haoise deag. Ach ma d'eirigh, is beag toradh a bhi ar an g[[na g[ceannairc|ceannairci]] seo.

Le linn na g cogai a bhi prionsai coimeadacha na hEorpa a chur ar an bhFrainc reabhloideach, thit an toin as seanchoras na mionstaitini san Iodail. I ndiaidh an ghabhaltais a rinne Napoleon Bonaparte , fagadh iomlan na tire faoi chois na bhFrancach. Nuair a fograiodh Napoleon mar Impire na Fraince, cuireadh athruithe bunusacha i bhfeidhm ar struchtur polaitiuil agus reigiunach na hIodaile.

100 Scudi-1848

Idir na blianta 1796 agus 1802, cuireadh bun le poblachtai eagsula agus le riocht nua, Etruria. Sa bhliain 1805, forograiodh Riocht na hIodaile faoi ritheaghlach Bonaparte , sa bhliain 1806 a bunaiodh Riocht Napoli. An chuid den Iodail nar bhain leis na turgnaimh pholaitiula seo, cuireadh leis an bhFrainc mar nascghabhaltas i. Ansin, chuaigh Code Napoleon , reachtaiocht phoblachtanach Napoleon, i bhfaidhm san Iodail, agus rinneadh spior spear de sheanstruchtuir shoisialta na tire.

Bhi na statseirbhisigh Fhrancacha sach bruidiuil agus iad ag cur na ndlithe seo i bhfeidhm, agus chothaigh a mursantacht mishastacht i measc na ndaoine, ach mar sin fein, b'iad sin a chuir siol na Poblachta ag fas in ithir na hIodaile. No theastaigh o na Francaigh an feodachas a chur ar ceal, agus sin e an rud a chuir siad i gcrich le lamh laidir. B'e ba toradh do sin gur thainig an aicme bhuirgeiseach chun tosaigh, agus liobralachas , daonlathas agus naisiunachas ag dul i bhfairsinge ina measc.


1859

1860

1861

1870

An Athghairm agus an Fhrithbheartaiocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nuair a fuair morchumhachtai na hEorpa - an Ruis , an Phruis , an Ostair agus Sasana - an ceann is fearr ar Napoleon, chruinnigh a gcuid ionadaithe i Vin le cuma nua a chur ar mhapa na hEorpa. Is e an t-oideas a bhi acu ar phraiseach na hIodaile na rithe dlisteanacha a chur i mbun na gcursai aris eile. Fuair ritheaghlach Bourbon on Spainn Riocht an Da Shicil, is e sin, oilean na Sicile agus an chuid dheisceartach de Leithinis na nAipinini. Ghlac muintir Hapsburg forlamhas ar staitini Thuaisceart na hIodaile, agus fagadh an tSairdin ag ritheaghlach Savoia. B'e an Papa a shealbhaigh an chuid larnach den Leithinis mar Stait Phapacha.

I ndiaidh na Comhdhala, thosaigh re na hathghairme ar fud na hIodaile. Bhi leasuithe soisialta Napoleon a gcur ar ceal, agus an seanfheodachas a thabhairt isteach aris. Bhi rol tabhachtach san fhrithghniomh seo ag an bPrionsa Metternich san Ostair, no b'eisean ailtire an pholasai seo, agus rithe is uaisle na hEorpa ag tabhairt cluaise do go brea sasta. B'iad lucht an ghno is na tradala - na buirgeisigh - an aicme ba mho dul chun cinn san am, agus iad as pabhar mishasta leis an bhfrithghniomhacht. Bhi an chuid ab fhadcheannai de na huaisle fein ag fail lochta ar pholasaithe Metternich, agus iad den tuairim nach bhfeadfai roth na staire a chur a chasadh sa treo contrartha.

On mbliain 1820 i leith, thosaigh muintir na hIodaile ag dul chun cearmansaiochta ar lucht a rialtais. D'eirigh liobralaigh agus buirgeisigh amach i gcoinne na rithe is na ruiri i Riocht an Da Shicil (1820-21), i bPiemonte (1821), agus i lar na hIodaile (Modena agus Romagna 1831). B'iad na clocha ba mho ar a bpaidrin na an bunreacht, aontu an naisiuin, agus an pharlaimint a dheanfadh ionadaiocht cheart don phobal. Nior geilleadh do na heilimh ar aon nos, ar ndoigh: cuireadh na reibiliunaigh faoi smacht le lamh laidir na saighdiuiri Ostaracha, no b'e polasai Metternich cabhru leis na staitini Iodalacha chun a gcuid daonlathach a chloi, ma bhi ga leis. B'e an runchumann ud Carbonari - is e sin, Na Gualadoiri - a d'eagraigh na ceannairci seo. Bhi an runchumann seo an-chosuil le Braithreachas na Poblachta (IRB).

Giuseppe Mazzini (1805-1872), "anam na hIodaile". Fealsamh, scribhneoir agus polaiteoir a bhi ann a reitigh an rod don Risorgimento.

Sa bhliain 1831, bhunaigh smaointeoir agus ide-eolai an naisiunachais Iodalaigh, Giuseppe Mazzini , cumann na hIodaile Oige, no Giovine Italia, i bParas, agus e ag scaipeadh iris an chumainn seo sna staitini Iodalacha i ndiunas ar an dli. Fior-phoblachtanach Iodalach a bhi ann, mar Mazzini, no d'aitigh se go gcaithfeadh an chosmhuintir eiri amach in aghaidh na rithe is na n-uasal le poblacht dhaonlathach a ghairm den Iodail aontaithe.

Ma b'e Mazzini priomhide-eolai na reabhloide naisiunai san Iodail, b'e Giuseppe Garibaldi an priomhlaoch coguil. Sa bhliain 1833, thainig Mazzini agus Garibaldi le cheile, agus go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh siad ag saighdeadh chun ceannairc e anseo agus ansiud, agus d'eirigh leo tacaiocht na ndaoine a fhail. hEiriodh amach i gcoinne lucht an tseanrialtais i bPiemonte (1833-34), i mBologna (1843), i gcuige Calabria (1844) agus i Rimini (1845).

Ni raibh toradh direach ar aon cheann de na hiarrachtai seo, no cloiodh iad go sciobtha, ach ar a laghad, spreag siad na tirghrathoiri o gach cearn den tir teacht le cheile agus a bple a dheanamh ar cen cineal stait a bheadh de dhith ort nuair a d'aontofai an Iodail sa deireadh. Bhi Mazzini ar dhuine de na daoine ba radacai acu, agus e ag eileamh poblachta. Bhi an fealsamh Vincenzo Gioberti inbharula go bhfeadfai na staitini go leir a aontu ina gcomhphobal bunreachtuil agus an Papa i gceannas orthu. Bhi daoine eile ann fos agus iad barulach gur choir tacu le hiarrachtai Riocht na Sairdine na staitini Iodalacha eile a shealbhu.

Sa bhliain 1846, thosaigh an Papa Pius IX ag cur leasuithe liobralacha i bhfeidhm ar na Stait Phapacha. Bhunaigh se Comhairle Stait agus chuir se gairm shlogtha ar Ghardai Sibhialta. Thug se freisin pardun ginearalta do na cimi polaitiula, agus mhol se do na staitini Iodalacha na custaim a chur ar ceal eatarthu fein.

An Reabhloid sna blianta 1848/9 agus Cogadh na Sairdine [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

cos ar bolg, an tSicil, sa bhliain 1848ː Trinacria sbranata

Agus an Papa ag cur leasuithe i bhfeidhm ar shaol a riochta fein, ni raibh an dara sui sa bhuaile ag na riochtai Iodalacha eile ach an reamhshampla a leanuint. Thosaigh na liobralaigh ag eileamh tuilleadh saoirse i ngach staitin, go hairithe faoi thionchar na hirise tabhachtai Il Risorgimento , a bhi a heisiuint i gcathair Torino. B'as an iris seo a hainmniodh an treimhse ar fad ar annalacha na staire. Bhi dearcadh measctha, idir liobralach agus choimeadach, ag an iris. Bhi Il Risorgimento ag eileamh go dtiocfadh cuigi na hIodaile le cheile faoi bhratach Riocht na Sairdine agus Piemonte, ach nior theastaigh o lucht a eagraiochta go ngairfi poblacht den Iodail aontaithe ar aon nos. B'e an Cunta Camillo Benso di Cavour a bhunaigh Il Risorgimento. Sna blianta 1852-59 agus 1860-61, bhi Cavour ina Phriomh-Aire ar Riocht na Sairdine agus Piemonte, agus nuair a haontaiodh an tir, bhi se ar an chead Phriomh-Aire ar Riocht urbhunaithe na hIodaile.

Bhi cuid de na rithe is na prionsai san Iodail sasta geilleadh do na heilimh seo, go hairithe Searlas Ailbhe (Carlo Alberto), ri na Sairdine agus Piemonte, no d'achtaigh se bunreacht reasunta liobralach da riocht fein, agus mar sin, d'eirigh leis tacaiocht na bhforsai naisiunaiocha a thiomsu do fein. Nuair a haontaiodh an Iodail, bunaiodh a bunreacht ar an gceann a bhi reachtaithe ag Searlas Ailbhe, agus d'fhan an chead bhunreacht sin i bhfeidhm go dti an bhliain 1946. Thainig bunreacht Shearlais Ailbhe i bhfeidhm ar an triu la de Mhi na Marta 1848, sa bhliain cheanna agus a bhi an Eoraip ar fad ar coipeadh le ceannairceoireacht agus le triobloidi reabhloideacha. Bhi se tuigthe go hiomlan ag an ri seo ca raibh triall na gcursai, agus e den tuairim gurbh fhearr cearta polaitiula a bhronnadh ar an gcosmhuintir faoi chroi mor maith na dul sa seans go n-eireodh ina chogadh cathartha idir an ri agus muintir a thire.

Rinne bunreacht Shearlais Ailbhe monarcacht liobralach, bhunreachtuil de Riocht na Sairdine agus Piemonte, agus an riocht seo i dtus cadhnaiochta i gcursai an naisiunachais agus na leasuithe soisialta feasta, i gcomparaid leis an gcuid eile den Iodail.

Fuair cuid mhaith de na riochtai Iodaileacha tolgadh na reabhloide sa bhliain 1848. Thosaigh na triobloidi thiar sa tSicil , nuair a d'eirigh muintir an oileain sin amach i Mi Eanair, agus ansin, d'fhairsingigh na himeachtai seo go dti an mhorthir, go hairithe na cathracha ud Milano, Padova, agus Brescia. I Mi na Marta, d'fhorogair muintir Milano agus an Chuige Lombardaigh neamhspleachas ar an Ostair, a bhi ag rialu na cathrach ag an am, agus iad ag iarraidh coimirce ar Riocht na Sairdine agus Piemonte. Go gairid ina dhiaidh sin, d'fhorogair Daniele Manin Poblacht neamhspleach Venezia.

Bhi Searlas Ailbhe sasta teacht chun tarrthala ar na cairde nua seo a bhi aige, agus chuaigh se ag cur cogaidh ar an Ostair. Ansin, glacadh le Searlas Ailbhe mar cheannasai an Risorgimento. Bhi an cogadh ag eiri le diormai seo an Risorgimento ar dtus, ach ina dhiaidh sin, mhaidhm an cath orthu ag Custozza in aice le Verona ar an gcuigiu la fichead de Mhi Iuil, o chruthaigh an Marascal Ostarach Johann Wenzel Radetzky rochliste acu. Nuair a bhi an sos cogaidh i bhfeidhm, socraiodh go gcoinneodh an Ostair Milano agus na criocha Lombardacha. Ina dhiaidh sin, afach, d'eirigh muintir Toscana amach in aghaidh an phrionsa Ostaraigh a bhi ag rialu an chuige, i Mi Feabhra 1849. Ansin, chuaigh na Sairdinigh chun cogaidh aris, lena sasamh a bhaint as an Ostair. Nior eirigh leo an turas seo, afach, ach oiread leis an chead uair. No briseadh an cath orthu aris, ar an triu la fichead de Mhi na Marta, ag Novara i bPiemonte. D'eirigh an ri Searlas Ailbhe as ar an la ceanna, agus thainig a mhac, Vittorio Emanuele , i gcomharbas air. Bhi Vittorio Emanuele a hAon sasta conradh siochana a shiniu leis an Ostair, ar an seu la de Mhi Lunasa 1849. Ina dhiaidh sin, nior stop a dhath eile na hOstaraigh o Phoblacht Venezia a chloi, rud a rinne siad roimh dheireadh na miosa. Mar sin, bhi deireadh curtha le gluaiseacht an Risorgimento i dTuaisceart na hIodaile an iarraidh seo.

Faoin am ceanna, bhi imeachtai reabhloideacha ar siul i nDeisceart na hIodaile chomh maith, go hairithe i Napoli agus sa Roimh, agus nuair a d'ealaigh an Papa o na triobloidi go Gaeta, rinne priomhide-eolai an naisiunachais Iodalaigh, Giuseppe Mazzini, poblacht a ghairm de na Stait Phapacha ar an naou la de Mhi Feabhra 1849. In aithris ar an tsean-Roimh, hainmniodh triur fear, no na triuraithe , i gceannas ar Phoblacht seo na Roimhe, agus Mazzini ar dhuine acu. I dtus Mhi Iuil, afach, d'fhorghabh diormai Francacha an "phoblacht", agus b'eigean do Mazzini ealu leis go Londain. Sa bhliain 1850, d'fhill an Papa go dti an Roimh le rialtas anlathach poilineachta a chur ar bun, beag beann ar na leasuithe soisialta a bhi idir lamhaibh aige roimh na triobloidi reabhloideacha.

Camillo Benso Cavour di Ciseri

Athchruthu Ghluaiseacht an Aontais agus Forogairt Riocht na hIodaile: 1849-1861 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Anois, b'i gcathair Torino i bPiemonte a thainig forsai an Risorgimento le cheile thar aon ait eile. Faoi dhiansuil an Chunta Cavour, chuir gluaiseacht aontaithe na hIodaile craiceann di, agus straiteis nua ag teacht i reim.

I ndiaidh na dtriobloidi reabhloideacha sna blianta 1848-1849, tuigeadh do lucht an Risorgimento nach raibh an Iodail in ann neamhspleachas na aontas a bhaint amach gan dul i muinin comhghuaillithe on iasacht. Chuaigh Cavour bealach na taidhleoireachta, agus e ag iarraidh maolu ar cibe buaireamh a bhi ar na maithe agus na moruaisle faoin "reabhloideachas" a bhain leis an Risorgimento. B'e an cineal teachtaireacht a bhi aige, na, go bhfeadfadh an Iodail teacht le cheile faoi stiuir an choimeadachais, chomh maith. Bhi na gluaiseachtai daonlathacha tuirseach traochta, ar fud na hEorpa, i ndiaidh na bliana 1848, cibe sceal e.

Sa bhliain 1858, shinigh Cavour conradh runda - Conradh Plombieres - le Napoleon a Tri. Is e an rud a shocraigh siad na go gcabhrodh an Fhrainc leis an tSairdin/Piemonte in eadan na hOstaire. I Mi na Bealtaine den bhliain seo, phleasc cogadh den chineal oiriunach amach idir an tSairdin/Piemonte agus an Ostair. Dealraionn se gurbh iad sceimeanna cliste Cavour ba bhunsiocair leis an gcogadh, ach b'iad na hOstaraigh ba thuisce a chuaigh chun cogaidh go hoscailte, agus b'orthusan a fagadh an millean. I ndiaidh dha mhi cogaiochta, ghnothaigh na Francaigh is na Sairdinigh an cath ag Solferino, agus bhi an Ostair cloite. Mar sin fein, ni bhfuair na Sairdinigh an oiread de bharr a bhfuadair agus a shil siad. No fuair Napoleon a Tri e fein faoi bhru na morchumhachtai gan ligean do na hIodalaigh a dtir a aontu, agus shocraigh se siochain leis na hOstaraigh beag beann ar na Sairdinigh. Ni raibh tacaiocht pholaitiuil na Fraince ar fail do na Sairdinigh, da reir sin, agus iad ag ple comha agus coinniollacha na siochana leis na hOstaraigh. Fuair siad Milano agus an cuige Lombardach ceart go leor, ach ma fuair, nior thug an Ostair Venezia uaithi.

Ce go raibh na morchumhachtai meaite ar aontu na hIodaile a stopadh, ni raibh ag eiri leo i ndiaidh an iomlain. Roimh dheireadh an chogaidh fein, d'eirigh muintir Modena, Parma agus Toscana amach in eadan na ndiuc Hapsburgach a bhi a rialu thar cionn na hOstaire. I gcuige Romagna, a bhain leis na Stait Phapacha, cuireadh ruaigeadh ar ionadai an Phapa ar an doigh cheanna.

I Mi na Marta, gheill Riocht na Sairdine agus Piemonte cuige Savoia agus cathair Nice don Fhrainc in eiric na cabhrach le linn an chogaidh, mar a bhi socraithe i gConradh Plombieres. Faoi choimirce Napoleon a Tri, heagraiodh reifrinn sna cuigi i dtuaisceart na hIodaile a bhi a rialu ag an Ostair i gconai, agus b'e toil an phobail, de reir na reifreann seo, gur theastaigh uathu dul le Riocht na Sairdine agus Piemonte agus slan a fhagail ag an Ostair.

Learscail

Ni raibh Giuseppe Garibaldi sasta, afach, leis an doigh ar tugadh Savoia agus Nice don Fhrainc. Go dti sin, bhi se ag comhoibriu le Cavour ar chuiseanna praiticiula, ce gur poblachtanach a bhi ann. Anois, afach, chinn Garibaldi ar an Iodail a aontu le lamh laidir, beag beann ar an gcoimeadach monarcach sin.

Ar an aonu la deag den Bhealtaine, 1860, chuaigh Garibaldi agus a chuid oglach i dtir sa tSicil. Ar dtus, bhi tacaiocht Cavour aige leis an eachtra a bhi idir lamhaibh aige. Mile seachtar fear agus tri scor a bhi aige leis, agus is gnach "feachtas na mile" a thabhairt ar an ngabhaltas a rinne se ar an oilean.

Ghair Garibaldi deachtoir de fein agus shealbhaigh se an tSicil ar fad, agus ansin, chuaigh se chun cogaidh in aghaidh ritheaghlach Bourbon a bhi ag rialu Riocht an Da Shicil. Ar an seachtu la de Mhi Mhean Fomhair sa bhliain 1860, d'fhorghabh diormai Garibaldi cathair Napoli, priomhchathair Riocht an Da Shicil, agus ruaigeadh curtha acu ar Phroinsias a Do, ri deireanach na riochta sin.

Vittorio Emanuele II di Savoia

Chuir an t-eachtra seo buaireamh ar Cavour, no ma bhi Garibaldi ag gniomhu chomh neamhspleach, chomh ceanndana sin, ba leir nach raibh aontu na hIodaile ag dul ar aghaidh faoi cheannas na faoi chomandracht na Sairdine/Piemonte a thuilleadh. Chuaigh Cavour i ndail chomhairle le Napoleon a Tri agus shocraigh se leis go mbeadh cead ag na diormai Sairdineacha cuigi Umbria agus Marche a sciobadh o lamh an Phapa, sula dtiocfadh Garibaldi a fhad sin. Roimh dheireadh Mhi Mhean Fomhair, 1860, bhi saighdiuiri na Sairdine/Piemonte istigh, agus nuair a bhi arm an Phapa cloite acu, chuaigh siad ar aghaidh, go dti gur thainig siad i dteagmhail le harm Garibaldi. I Mi na Samhna 1860, thainig arm na Sairdine, agus e faoi cheannas pearsanta an Ri Vittorio Emanuele fein, in araicis Garibaldi. D'eirigh Garibaldi as an deachtoireacht , no nior theastaigh uaidh cath a chur ar an Ri, go hairithe nuair a thaispeain reifreann sa tSicil go raibh na Siciligh sasta glacadh le forlamhas na Sairdine/Piemonte ar an oilean.

Ar an seachtu la deag de Mhi na Marta, 1861, forograiodh Riocht na hIodaile i gcathair Torino. B'e Vittorio Emanuele a Ri, agus fuair Cavour cumhachtai an Phriomh-Aire, ach ma fuair, ni raibh ach tri miosa saoil fagtha aige i mbun na hoifige seo. Bhi Torino, priomhchathair na Sairdine/Piemonte, ina priomhchathair shealadach ar an Iodail ar fad go dti an bhliain 1864, nuair a bronnadh an cheimiocht seo ar Firenze, priomhchathair Toscana.

Giuseppe Garibaldi, timpeall 1861

Siud is go raibh an reabhloideachas ina chuidiu mor leis an Iodail a aontu, thainig an aontacht i bhfeidhm faoi bhratach na monarcachta bunreachtula. B'e bunreacht Riocht na Sairdine agus Piemonte on mbliain 1848 a leathadh ar an Iodail ar fad, agus b'i an riocht sin a d'fhorghabh an chuid eile den Iodail, go bunusach. O bhi praghas ar an vota, ni raibh ach 1.9 % de mhuintir na hIodaile - an uasalaicme liobralach-choimeadach - i dteideal vota a chaitheamh sna toghchain. Ina dhiaidh sin, fairsingiodh an ceart votala, ach d'fhan se teorannaithe do mhionlach na ndaoine. Nuair a chuaigh Marco Minghetti agus Luigi Carlo Farini chun tosaigh le pleananna chun rialtas duchais a bhaint amach do reigiuin na hIodaile, theip orthu go huile is go hiomlan. An fear a thainig i gcomharbas ar Cavour mar Phriomh-Aire, mar ata, Bettino Ricasali, ni raibh suim da laghad aige sa reigiunachas. An coras riarachain a chuir se ar bun, bhi se ag togail patruin leis an bhFrainc, rud a d'fhag na cuigi ar fiorbheagan cumhachta da gcuid fein.

Fuair an Iodail athaontaithe seo aitheantas dioplomaitiuil on bhFrainc, on b Pruis agus on m Breatain Mhor . Ni raibh an Ostair-Ungair na an Papa sasta toiliu leis an stat nua, afach, agus iad buartha go raibh na hIodalaigh ag santu tailte da gcuid. Bhi an Ostair i seilbh Veneto, cuige oirthearach na hIodaile, agus maidir leis an bPapa, bhi se tar eis an chuid ba mho de na Stait Eaglasta a chailleadh: ni raibh aige, go bunusach, ach cuige Lazio (Latium), a bhui leis na diormai Francacha a bhi ar garastun sa chuige.

An Dlaiog Mhullaigh a Cur ar an Risorgimento agus Aontacht na hIodaile go dti 1870 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Le suil is go n-eireodh lei Veneto a sciobadh on Ostair, shocraigh an Iodail conradh comhghuailliochta leis an bPruis ar an ochtu la de Mhi Aibreain, 1866, agus an caidreamh go direach ag dul i dtreo an chogaidh idir an Phruis agus an Ostair. Nuair a d'eirigh ina chath idir an da stat sin, ar an gceathru la deag de Mhi an Mheithimh sa bhliain cheanna, chuaigh an Iodail chun cogaidh chomh maith. B'iad na hOstaraigh a bhris an cath ar na hIodalaigh ag Custoza (ar an gceathru la fichead de Mhi an Mheithimh, 1866) agus ag Lissa (cath mara Lissa, ar an bhfichiu la de Mhi Iuil), ach niorbh aon chuidiu e in aghaidh na Pruise. Ag Koniggratz (inniu, Hradec Kralove sa tSeic), ar an triu la de Mhi Iuil, ghnothaigh na Prusaigh an cath ba thabhachtai, agus fuair na hIodalaigh a gcuid de chreach an chogaidh, beag beann ar chomh dona is a d'eirigh a gcuid den chogadh fein. Nuair a socraiodh an tsiochain i Vin i dtus Mhi Dheireadh Fomhair, d'fhag an Ostair cuige Veneto ag an Iodail. Mar sin fein, choinnigh an Ostair criocha airithe in aice leis an teorainn nua a raibh an Iodailis a labhairt iontu. B'e tuairim na nIodalach gur leo fein na criocha seo o cheart, agus thugaidis Italia irredenta , no "an Iodail neamhshlanaithe", orthu (is ionann "-redenta" san fhocal seo agus "redempted" an Bhearla). Nior thainig an Iodail i seilbh na h irredenta seo roimh an Chead Chogadh Domhanda.

Papa Pius a Naoi

Bhi na Stait Phapacha ina gcnamh spairne chomh maith, no bhi an Papa Pius a Naoi go trean in eadan an eilimh a bhi na naisiunaithe Iodalacha a dheanamh ar a chuid tailte. Ni raibh na naisiunaithe sasta, afach, eiri as an eileamh seo, no bhi siad gearbharulach gurbh i an Roimh an phriomhchathair ba dual don Iodail. Sa bhliain 1867, d'fhill Giuseppe Garibaldi ar shaol polaitiuil na hIodaile, agus mar ba dual don tseansaighdiuir, d'fhruiligh se slua mor d'oglaigh leis na Stait Phapacha a ionsai.

Ar an triu la de Mhi na Samhna, chloigh na Francaigh agus diormai an Phapa fein araon e agus a chuid diormai. Mar sin fein, bhi an tuiscint ag teacht ag lucht rialtais na Fraince nach bhfeadfaidis an Papa a chosaint ar an rud dosheachanta a thuilleadh. Nuair a d'eirigh ina cogadh idir an Fhrainc agus an Phruis sa bhliain 1870, chulaigh na trupai Francacha as na Stait Phapacha, o bhi siad de dhiobhail in ait eile. T

hainig na diormai Iodalacha isteach chomh tuisce is a fuair siad na Francaigh imithe rompu. Ar an bhfichiu la de Mhi Mhean Fomhair, 1870, chonaic an Papa an chead saighdiuir Iodalach ag siul sraideanna na Roimhe, agus nuair a fuair muintir na dtailte Papacha cead a mbaruil fein a chur in iul sa reifreann, chaith tromlach mor acu a gcuid votai ar son na hIodaile. Ar an seu la de Mhi Dheireadh Fomhair, d'eisigh an Ri acht faoi aontu na Stat Papach leis an gcuid eile den tir. Bhi an Risorgimento criochnaithe anois, a bheag no a mhor.

Sa bhliain 1871, hathraiodh priomhchathair na hIodaile o Firenze go dti an Roimh. Bhi an chuid ba mho de na stait eachtrannacha sasta a gcuid ambasaidi a aistriu ansin chomh maith, ar lorg orgain stait na hIodaile. B'ionann seo agus a admhail go raibh deireadh curtha leis na Stait Phapacha.

Forbairti Eile: Torthai an Risorgimento, Conspoid na hEaglaise, An Tuaisceart agus an Deisceart in Achrann le Cheile [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I ndiaidh aontu na hIodaile fein, d'fhan an Papa ina chonai ar an Vatacain . Choinnigh se freisin an ceantar ud Laterano sa Roimh agus a aras samhraidh, Castel Gandolfo. Ni raibh na Papai sasta, ar dtus, leis an socru seo. Thugadh Pius a Naoi "cime na Vatacaine" air fein, agus d'eascoiteannaigh se na daoine a raibh lamh acu sa ghabhaltas ar na Stait Phapacha. Mar sin fein, nior eirigh leis na Stait Phapacha a chur ar bun aris, ach rinne se an-dochar don stat Iodalach agus an doigh ar chuir se ding idir e agus cuid mhor de na geillsinigh.

Maidir le criocha na hIodailise i monarcacht dhubailte na hOstaire is na hUngaire , cosuil le Trentino, Dalmazia agus Istria, nior ghabh an Iodail iad ach i ndeireadh an Chead Chogadh Domhanda .

Inniu fein, nil se easca reigiuin na hIodaile a thoilleadh in aon stat le cheile. Bionn conspoid agus cointinne ann i gconai idir an Tuaisceart tionsclaithe agus an Deisceart dealbh dearoil, rud is feidir a aithint ar chomh maith agus a bhionn na toghchain ag eiri le Lega Nord , pairti tuathghriosaitheach an Tuaiscirt agus e ag eileamh neamhspleachais ar an Deisceart do Thuaisceart na hIodaile. Is e an port ata a cheol ag Umberto Bossi , cathaoirleach an phairti sna 1990idi, na nach bhfuil sa Deisceart ach ualach, os rud e go bhfuil Mafia chomh laidir sa Deisceart, agus canacha an Tuaiscirt a n-ioc le lobhadh agus breabadoireacht an Deiscirt a mhaoiniu.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]