한국   대만   중국   일본 
An tSairdin - Vicipeid Jump to content

An tSairdin

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSairdin
Sardigna (sc)
Sardegna (it) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suiomh
Map
  40°N 9°E  /  40°N 9°E  / 40; 9
Stat ceannasach an Iodail Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlan 1,628,384 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlus 67.99 hab./km²
Tireolaiocht
Cuid de Blue Zone (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 23,949 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i no in aice le limistear uisce An Mheanmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde 384 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantoir tuairisciuil
Lonnaithe i gcrios ama

Is reigiun den Iodail i an tSairdin , ( Iodailis : Sardegna ; Sairdinis : Sardigna no Sardinnya ) agus i ar an dara oilean is mo sa Mheanmhuir . Tagann ainm an oileain on Laidin Sardinia agus tugtar Sardigna no Sardinnia ar an oilean as Sairdis. Ta daonra timpeall 1.6 milliun aici. Is i Cagliari , lonnaithe ar an gcosta theas, priomhchathair an oileain agus an baile is mo. Ta an t-oilean roinnte i 8 gcuige (4 cinn roimh 2005 - Cagliari , Nuoro , Oristano agus Sassari ).

Tireolaiocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta an tSairdin i lar na Meanmhuire, suite idir an Chorsaic o thuaidh agus an Tuineis i dtuaisceart na hAfraice o dheas. Ta cruth dronuilleogach ar an oilean, le cupla oilean mora timpeall an phriomh-oileain - l'Asinara, La Maddalena, Caprera, San Pietro agus Sant'Antioco. Ta an chuid is mo den oilean deanta as eibhear is carraig dhriodair. Ta tri ghrupa sleibhte mora ann - Limbara, Gennargentu agus Sarrabus. Ta dambanna ar beagnah gach ceann de na haibhneacha mora ? Flumendosa, Coghinas, Tirso, Flumini Mannu, Cedrino agus Cixerri. Usaidtear an t-uisce chun leictreachas a ghiniuint agus na tailte thart timpeall a uisciu. Ta clu agus cail bainte amach ag an tSairdin, go hairithe i measc na nIodalach, mar cheantar turasoireachta. Ta costai is tranna iontacha ar fud an oileain, ar nos an Costa Smeralda san oirthuaisceart.

Teanga [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is i an Iodailis teanga oifigiuil na Sairdine cosuil leis an gcuid eile den Iodail, ach usaideann muintir dhuchasach an oileain canuinti ata nios gaire don tseanLaidin fein na don Iodailis. Mar sin, is feidir a ra go bhfuil a leitheid de theanga ann agus an t Sairdinis , no Sardu . Ta an teanga roinnte ina dha priomhchanuint, mar ata, an Logudoiris agus an Champadainis, agus iad chomh difriuil le cheile is go bhfuil se beagnach dodheanta aon teanga liteartha amhain a chaighdeanu don bheirt acu. Leis an sceal a dheanamh nios casta fos, labhraitear dha chanuint eile sa tSairdin nach ndearcann lucht a labhartha orthu mar Shairdinis, is e sin, an tSasairis agus an Ghaluiris. Le firinne, is fearr a ra gur canuinti Corsaicise iad seo, mas fior nach canuinti Iodailise iad. Thairis sin, is i an Chataloinis teanga Chathair Alghero.

Eacnamaiocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta eacnamaiocht traidisiunta an oileain bunaithe ar thalmaiocht agus mianadoireacht, an ceann deireanach ag dul i leig, ach ta an turasoireacht ag dul i dtreise. O thaobh na h-earrai talmhaiochta a sholathraitear ar an oilean, ta cail bhainte amach ag fiona na Sairdine ar nos Cannonau . Is cuid thabhachtach den eacnamaiocht an lamhcheardaiocht freisin.

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Reanna stair an oileain:

  • Reamhstair -> 1000 R.Ch.
  • Seanstair 1000 R.Ch. -> 456 AD
  • Stair mheanaoiseach 456 AD -> 1500
  • Stair nua-aoiseach 1500 -> inniu

Re na nuraghe [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Teann stair an oileain siar go dti an re Neoiliteach . Ta iarsmai o chultur ar leith a bhfuil lorg de le fail sa tSairdin amhain, cultur na nuraghe . Ta se sin le feiceail inniu i bhfoirm na dtur cloiche arda ata ar fail ar fud an oileain. Nil moran eolais cruinn againn faoi chultur na nuraghe mar nior fhag siad aon taifead scriofa ina ndiaidh agus ta teoirici difriula ag na seandalaithe faoi na daoine a mhair ann. Ba 'thir an oir' i le linn 4000 bliain an re Neoilitigh an tSairdin. Ba chrosbhothar i lar na Meanmhara i an t-oilean go dti re na Romhanach. Thagadh na chead gaibhne go dti an t-oilean agus iad ar a mbealach go dti na mianaigh stain Francacha. Thainig na chead Feinicigh go dti an tSairdin timpeall na bliana 1000 R.Ch. Ba mhaistri loingseoireachta iad, o chathracha sa Liobain an lae inniu. Labhair siad Feinicis, teanga Seimiteach ar nos na hEabhraise , agus chruthaigh siad an chead aibitir. Thog siad ionaid ar na costai agus chuaigh siad i mbun tradala leis na treibheanna aitiula sna nuraghi.

Ghlac cathair Chartaige seilbh ar an Sairdin i 509 R.Ch. agus lean a smacht ar an oilean ar feadh beagnach tri chead bliain go teacht na Romhanach.

Re na Romhanach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ghlac na Romhanaigh seilbh ar an Sairdin i 238 R.Ch. agus bhi siad i gceannas ann ar feadh 700 bliain. Nior chuir siad an t-oilean go leir faoi chois riamh afach agus d'fhan aiteanna sleibhtiula ar nos an Gennargentu sna Barbagie saor o thionchar na Roimhe.

Stair mheanaoiseach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ar a sli ar ais o ruathar ar Lazio ar leithinis na hIodaile i 456 AD ghlac na Vandail seilbh ar Caralis ( Cagliari an lae inniu) agus cathracha eile ar chostai na Sairdine. Faoin am sin bhi Impireacht na Roimhe ar an de deiridh. Beagnach cead bliain ina dhiaidh sin, i 534 , bhuaigh trupai Impire an Oirthir, Giustiniano, ar na Vandail i Tricamari, 30 km o Chartaig i dtuaisceart na hAfraice, agus rinneadh cuige Biosantach den tSairdin. Roinneadh an t-oilean i gcuigi darb ainm mereie , le ceannaire faoin ainm judex a bhi i Caralis, le arm a bhi lonnaithe i Forum Traiani (Fordongianus an lae innu, suite in oirthear an oileain) faoi cheannas dux . Chuaigh an Chriostaiocht agus tionchar an mhanachulachais i bhfeidhm faoi na Biosantaigh, seachas sna Barbagie, ait ina raibh riocht neamhspleach ag deireadh an seu haois lena traidisiuin reiligiunacha agus tuata fein.

Idir 640 agus 732 ghlac na hArabaigh seilbh ar thuaisceart na hAfraice, [[an Spainn]] agus ar chuid den bh Frainc . I 827 thosaigh siad ag ionsai na [[An tSicil|Sicile]]. Fagadh an tSairdin ina h-aonar agus bhi uirthi i fein a chosaint. Mar sin, d'eirigh an judex provinciae ina cheannaire aonair le cumhachtai mileata agus tuata. Mar gheall ar na ruathair leanunacha o na Beirbeirigh Ioslamacha ar an costai, a thosaigh i 710 agus a d'eirigh ni ba mhinici le himeacht aimsire, threig an pobal na bailte cois mara.

Faoi Choroin na hAragoine [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ghlac arm Pheadar III na Cataloine (Pere el Cerimonios as Cataloinis) seilbh ar L'Alguer i Lunasa 1353 . D'eirigh muintir na cathrach amach i gcoinne na gCatalonach ar an 22 Meitheamh 1354 is chuir arm Pheadair leig ar an gcathair. Ar deireadh na dala shinigh Peadar conradh le Maria d'Arborea, a bhi ag tabhairt cunamh do chosantoiri na cathrach, agus ghlac Peadar seilbh ar an gcathair aris. Thosaigh stair Chatalonach na cathrach ansin agus ta canuint na Cataloinise , algueres no algherese as Iodailis, a labhairt fos sa chathair. Ghlan Peadar muintir na cathrach amach is thog se lonnaitheoiri Catalonacha isteach ina n-ait. Cruthaiodh Coroin na Spainne i 1479 , 10 mbliain i ndiaidh phosadh Ferdinando II na hAragoine agus Isabel Castilla, na rithe Caitliceacha . Mar thoradh ar sin, rinneadh cuige Spainneach den oilean freisin agus mar sin ba chuid de choroin na Spainne i an tSairdin o 1323 - 1720 . Ta rian an re seo le fail i gcultur an oileain fos i bhfeilte ar nos paraid san Efisio i Cagliari agus an cavalcata i Sassari.

Riocht na Sairdine [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ghlac na hOstairigh seilbh ar an oilean i 1708 , mar thoradh ar Chogadh Chomharbas na Spainne. Tar eis Chonradh Utrecht i 1714 , a chuir deireadh leis an streachailt Eorpach sin, tugadh an tSairdin do dhiuic Savoia no Savoy as Fraincis, a bhi i gceannas ar reigiun Piemonte agus chruthaigh siadsan ritheaghlach da gcuid fein i Riocht na Sairdine. As sin amach thainig tionchar na hIodaile i bhfeidhm ar an gcultur aitiuil. I 1799 d'fhag an ritheaghlach priomhchathair na riochta, Torino , mar gheall ar na cogai Napoleon agus chuir siad futhu i Cagliari ar feadh cuig bliana deag.

Aontu na hIodaile [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I 1847 d'eirigh na Sairdigh as a gcuid feinrialtais as a stuaim fein agus thainig siad faoi rialtas direach o Piemonte . An bhliain ina dhiaidh sin chuir an ri, Vittorio Emmanuele, tus le cogai aontaithe na hIodaile, a lean ar aghaidh ar feadh tri bliana deag agus le deireadh an fheachtais sin i 1861 , ba chuid den Iodail aontaithe i an tSairdin.

Stair chomhaimseartha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Learscail leis na cuigi nua o 2005

I ndiaidh chliseadh deachtoireacht Mhussolini sa Dara Cogadh Domhanda , agus ruaigeadh an ritheaghlach Savoia tar eis reifreann i 1946 , tugadh feinrialtas don tSairdin i 1949 mar reigiun de chuid Phoblacht na hIodaile faoi bhunreacht nua na tire. Ba chuid de mezzogiorno na hIodaile i an tSairdin, i bocht agus neamhfhobartha i gcomparaid le reigiuin tuaisceart na tire. Rinne an rialtas naisiunta iarrachtai tionscail throm a fhorbairt ar nos an tionscail cheimicigh timpeall ar Porto Torres ar an gcosta thuaidh, chun dul i ngleic leis an difhostaiocht. Thainig forbairt ollmhor ar chostai Ghallura, ar a dtugtar an Costa Smeralda , san oirthuaisceart, nuair a cheannaigh an Aga Khan tailte ann tar eis do an Consorzio Costa Smeralda a bhunadh i 1962 . Ta tithe samhraidh ag daoine mor le ra ar nos Silvio Berlusconi ann agus bionn an fharraige plodaithe le baid mhora le linn an tseasuir saoire. O thaobh an rialtais aitiula de, cuireadh 4 chuige nua - Ogliastra, Medio Campidano, Olbia-Tempio agus Carbonia-Iglesias - leis an 4 cinn a bhiodh ann roimhe sin - Cagliari, Sassari, Nuoro agus Oristano - i mBealtaine 2005 .

Foinsi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Breve Storia della Sardegna , Francesco Floris, Tascabili economici Newton
  • La storia di Sardegna , Francesco Cesare Casula, DUE D - Editrice Mediterranea

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]