An Impireacht Bhiosantach

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Impireacht Bhiosantach
Imperium Romanum (la)
Βασιλε?α ?ωμα?ων (grc)
Romania (la)
?ωμαν?α (grc) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in omos Cathair Chonstaintin Cuir in eagar ar Wikidata
Suiomh
Map
  41°00′55″N 28°59′05″E  /  41.0153°N 28.9847°E  / 41.0153; 28.9847

Priomhchathair Cathair Chonstaintin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlan 17,000,000 (300) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiuil an Ghreigis
an Laidin
Greigis na Meanaoise Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiun An Chriostaiocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tireolaiocht
Cuid de Impireacht na Roimhe
Medieval Rome (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonrai stairiula
Leanann se/si Impireacht na Roimhe agus Impireacht na Roimhe Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthu 17 Eanair 395
Discaoileadh 29 Bealtaine 1453
A leanuint ag Emirate of Crete (en) Aistrigh, an Impireacht Otamanach , Duchy of Brescia (en) Aistrigh agus Maona of Chios and Phocaea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraiocht pholaitiuil
Coras rialtais monarcacht absaloideach agus Dominate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire stait Impire Biosantach Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaiocht
Airgeadra Soladas (bonn) Cuir in eagar ar Wikidata

Ba i Impireacht na Biosainte no Impireacht Bhiosantach , da ngairtear, uaireanta, Impireacht Romhanach an Oirthir , comharba polaitiuil Impireacht na Roimhe san Oirthear, sa Chianaois Dheanach agus sna Meanaoiseanna , nuair a bhi a priomhchathair Constantinople (no Iostanbul sa la ata inniu ann, a bunaiodh ar dtus mar an Bhiosaint ).

Chuaigh Impireacht Iarthar na Roimhe in eag i rith na cuigiu haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosantach , go dti an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamanacha de dhroim an tsaoil i.

O thainig si ar an bhfod, ba i an Impireacht an forsa eacnamaioch, culturtha, agus mileata is cumhachtai san Eoraip. Tearmai staireagrafacha iad "Impireacht Bhiosantach" agus "Impireacht Romhanach an Oirthir", a cruthaiodh tar eis dheireadh a flaitheas; lean a cuid saoranach ag tagairt da n-impireacht mar an "Impireacht Romhanach" ( An tSean-Ghreigis : Βασιλε?α τ?ν ?ωμα?ων, Basileia Ton Rh?mai?n): ( Laidin :Imperium Romanum), no "Romania" (?ωμαν?α), agus orthu fein mar "Romhanaigh".

Ba chor cinniunach e roinnt imeachtai a tharla on 4u go 6u haois a rianaigh an treimhse trasdula i ndeighilt Impireacht na Roimhe ina dha leath, an Oirthear Greagach agus an Iarthar Laidineach. D'atheagraigh Constaintin I (r. 324-337) atheagru an Impireacht, D'fhogair se go mbeadh Constantinople ina phriomhchathair nua, agus go mbeadh an Chriostaiocht dleathach. Faoi Teodaisias I (r. 379-395), thainig an Chriostaiocht i dtreis mar reiligiun oifigiuil an stait agus toirmeascadh cleachtais reiligiunacha eile. Ar deireadh, faoi reimeas Haracleas (r. 610-641), cuireadh athstruchturu mileata agus riarachain i bhfeidhm an Impireacht agus ghlacadh leis an Ghreigis le haghaidh usaide oifigiula in ionad na Laidine.

Da bhri sin, ce gur lean an stat Romhanach agus coinniodh traidisiuin an stait Romhanach, deanann staraithe an lae inniu idirdhealu idir an Bhiosaint agus an tSean-Roimh sa mheid go raibh si dirithe ar Chonstantinople, dirithe i dtreo chultur na Greige seachas chultur na Laidine, agus go raibh an creideamh ortadocsach mar chomhartha soirt aici.

Choinnigh na Biosantaigh cultur agus dli na sibhialtachta Greagai agus Romhanai beo ina measc, chomh maith leis an gCriostaiocht Heilleineach agus Cheartchreidmheach. Nior mhair an Laidin ina mbeal, afach, no b'fhearr leo an Ghreigis, a bhi a labhairt go fairsing mar chineal francbhearla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Ba e Diocletianus, a tharraing siar o chursai an rialtais sa bhliain 305, an tImpire Romhanach deireanach a bhi i gceannas ar Impireacht an Iarthair agus Impireacht an Oirthir ina aonar o chathair na Roimhe. I ndiaidh a lae, scar dha leath na hImpireachta - leath na Roimhe agus leath Chathair Chonstaintin - as a cheile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Roimhe" orthu fein. Ba i Impireacht an Oirthir a mhair go dti an bhliain 1453.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]