한국   대만   중국   일본 
An Iaruibis - Vicipeid Jump to content

An Iaruibis

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de llenguaAn Iaruibis
Ede Yoruba agus Yoruba

Cineal teanga agus teanga bheo
Usaid
Cainteoiri duchais 37,800,000 (2019)
Duchasach do an Nigeir , Beinin , Toga , Lagos , Stat Ogun , Osun State (en) Aistrigh, Oyo State (en) Aistrigh, Ekiti State (en) Aistrigh agus Ondo State (en) Aistrigh
Stait an Nigeir , Beinin agus Toga
Aicmiu teangeolaioch
teanga dhaonna
teangacha Nigir-Congo
teangacha Atlantach-Congo
teangacha Volta-Congo
teangacha Benue-Congo
Defoid (en) Aistrigh
Yoruboid (en) Aistrigh
Treithe
Coras scribhneoireachta aibitir Laidineach
Coid
ISO 639 -1 yo
ISO 639-2 yor
ISO 639-3 yor
Glottolog yoru1245
Ethnologue yor
ASCL 9212
IETF yo

Teanga i an Iaruibis ( ede Yoruba sa teanga fein) ata a labhairt ag triocha milliun duine, nach beag, in Iarthar na hAfraice. Ar dtus ba i teanga an dreama eitnigh ar a dtugtar na h Iarubaigh i, ach ar na saolta seo chuaigh si in usaid i bhfad taobh amuigh a duiche fein, agus baintear usaid an fhrancbhearla aisti go fairsing. Da reir sin, is iomai canuint agus leagan neamhdhuchasach den Iaruibis ata ann. Ta leagan caighdeanach ann, ach san am cheanna ta se ina chuis achrainn ag na cainteoiri i gconai cad is "dea-Iaruibis" no "Iaruibis cheart" ann. Sa Nigeir is mo a labhraitear i, chomh maith leis na tiortha in aice leis an Nigeir, agus san Oilean Ur chloisfea focail Iaruibise uathu siud ata ag cleachtadh santeria no candomble , leaganacha Meiriceanaithe de sheanchreideamh na hAfraice. i gCuba tugtar Lucumi ar an gcreideamh aitiuil Afrai-Mheiriceanach agus ar an teanga a usaidtear i liotuirge an chreidimh - go bunusach Iaruibis ata ann ce go bhfuil cramba na Spainnise ar an bhfuaimniu, agus ni thuigeann lucht an chreidimh fein cad e ata siad a ra.

Ceann de na teangacha Nigearach-Chongocha i an Iaruibis, agus dluthghaol aici leis na teangacha ud Itsekiri agus Igala a labhraitear sa reigiun cheanna. Teanga scoite i, is e sin, ni usaidtear iarmhireanna, reimireanna, dichlaontai na reimnithe san Iaruibis. Teanga thonuil i chomh maith, is e sin is feidir nach bhfuil de dhifriocht idir dha fhocal ach an tuin. Usaidtear comharthai diaicritice leis na tuineanna a idirdhealu sa teanga scriofa: is i an aguid (arb ionann i agus sineadh fada na Gaeilge) a chuireann in iul an tuin ard, is i an ghraif (arb ionann i agus sineadh fada Ghaeilge na hAlban) a chuireann in iul an tuin iseal, agus ni usaidtear comhartha ar bith de ghnath leis an tuin idir eatarthu a thaispeaint, ach amhain os cionn na gconsan sronach, ar feidir leo gno an ghuta a dheanamh, is e sin, siolla a iompar. Sa chas sin cuirtear macron, is e sin, line chothromanach, os cionn na litreach, cf. n? "mise". Usaidtear ponc taobh thios den da litir ud o agus e lena chur in iul gur leagan oscailte den ghuta ata i gceist: o b?? "phreab se".

"Ar nAthair" in Iaruibis

Ta a litriu fein ag muintir Bheinin le haghaidh na hIaruibise. Thar aon rud eile usaideann siad na comharthai teangeolaiocha, mar ata, ? (in ait ?) agus ? (seachas ?), leis an da ghuta oscailte a scriobh, rud a bhaineann le comhchaighdeanu litrithe na dteangacha duchasacha go leir sa tir.

Ta an Iaruibis saibhir i bhfocail iasachta on Araibis agus on mBearla. Mar theanga laidir reigiunach, chuaigh si fein i bhfeidhm ar na teangacha ina timpeall.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]