한국   대만   중국   일본 
An Fharois - Vicipeid Jump to content

An Fharois

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de llenguaAn Fharois
Føroyskt mal agus Føroyskt
Cineal teanga agus teanga bheo
Usaid
Cainteoiri duchais 69,150 (2015)
Duchasach do Oileain Fharo
Stait Oileain Fharo agus Riocht na Danmhairge
Comhordanaidi 62°00′N 6°47′W  /  62°N 6.78°W  / 62; -6.78
Aicmiu teangeolaioch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmainice
teangacha Gearmainice Tuaisceartacha
teangacha Lochlannacha Iartharacha
Treithe
Coras scribhneoireachta aibitir Laidineach
Institiuid caighdeanaithe Faroese Language Board (en) Aistrigh
Leibheal leochaileachta 2 leochaileach
Coid
ISO 639 -1 fo
ISO 639-2 fao
ISO 639-3 fao
Glottolog faro1244
Linguasphere 52-AAA-ab
Ethnologue fao
UNESCO 1027
IETF fo

Teanga Lochlannach , is e sin teanga Gearmainice Thuaidh, i an Fharois a labhraitear in Oileain Fharo agus i measc lucht imirce o na hoileain sa Danmhairg . Is i an Ioslainnis an teanga is congarai don Fharois, ach ni feidir le cainteoiri an da theanga moran tuisceana a bhaint as caint a cheile. Sceal eile e go bhfuil an Fharois scriofa sach intuigthe ag an duine a bhfuil an Ioslainnis aige. Is e is cuis leis seo go bhfuil scribhneoireacht na Faroise nios cosula le struchtur stairiuil na bhfocal sa tSean-Lochlainnis na le fior-fhuaimniu na bhfocal i bhFarois an lae inniu.

Ta Farois o dhuchas ag seasca no ochto mile duine. O thaobh lion na gcainteoiri de is feidir a ra go bhfuil si chomh beag no chomh neamhfhorleathan le Gaeilge na Gaeltachta . Thairis sin, bionn difriochtai mora idir na canuinti, no ta ocht moroilean deag in oileanra Fharo, agus ar ndoigh d'fhorbair caint na ndaoine sna hoileain difriula ar bhealai eagsula.

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi tionchar nach beag ag an nGaeilge ar an bhFarois nuair a bhi dluthchaidreamh idir na Lochlannaigh agus na Gaeil. Creidtear gur thainig logainmneacha airithe in Oileain Fharo on nGaeilge, ar nos Mykines - "Muicinis", no "Inis na Muc". Is iad na "muca" ata i gceist na "muca mara", is e sin, na miolta mora. Focail Ghaeilge eile iad grukur (gruaig), lamur (lamh) agus tarvur (tarbh).

Roimh an Reifirmeisean bhi an leagan aitiuil den tSean-Lochlainnis a labhairt agus a scriobh go forleathan ar fud na n-oilean, ach sa bhliain 1536 choisc na hudarais Danmhargacha usaid na Faroise sna doicimeid oifigiula agus sna scribhinni. Ba i an Danmhairgis an t-aon teanga oifigiuil amhain sna hOileain ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 1854 a shocraigh Venceslaus Ulricus Hammershaimb , ministir Protastunach Faroch, agus Jon Sigurðsson , polaiteoir Ioslannach agus laoch saoirse a thire duchais, caighdean scriofa na Faroise. Bhi an caighdean sin an-chosuil leis an Ioslainnis agus leis an tSean-Lochlainnis, rud nar thaitin le cach. Mar shampla, usaidtear an litir ð i litriu Hammershaimb ar chuiseanna stairiula amhain, no ni fhreagraionn si d'aon fhuaim ar leith. Rinne an teangeolai oilte Jakob Jakobsen iarracht malairt caighdeain a chur i dtoll le cheile a bhi ag cloi go dluth le fuaimeanna na teanga i ngnathchaint na ndaoine. Ba e caighdean Hammershaimb a ghreamaigh, afach.

Aibitir [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is iad na litreacha a usaidtear san Fharois na:

A, A, B, D, Ð, E, F, G, H, I, I, J, K, L, M, N, O, O, P, R, S, T, U, U, V, Y, Y, Æ, Ø; a, a, b, d, ð, e, f, g, h, i i, j, k, l, m, n, o, o, p, r, s, t, u, u, v, y, y, æ, ø

Ni feidir an litir Ð ð a usaid i dtus an fhocail. Sa seanleagan de litriu Hammershaimb bhi idir o agus ø in usaid, agus sheas an chead cheann acu don fhuaim ghairid, agus an dara ceann acu don fhuaim fhada.

Nil an litir þ ann. Ni bhionn si ar fail, fiu, sna closcriobhain Fharocha na i mearchlar na riomhairi sna hoileain, agus ce gur feidir na teangacha Lochlannacha eile seachas an Ioslainnis a scriobh ar an mearchlar Faroch, ta se riachtanach an litir Ioslannach seo a thraslitriu mar "th".

Fuaimniu [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Mar a duradh cheana, ni fhuaimnitear an litir ð ach mar chonsan seanais - is e sin, [j] ("y" an Bhearla, no "gh" caol na Gaeilge), [w] no [v] a bhionn ann, ag brath ar na gutai ar an da thaobh di: deyður [?d?ij??] "marbh", suður [?suːw??] "deisceart", i bløðum [??bløːv?n] "sna nuachtain". Fuaimnitear an litir g, agus i ina haonar idir dha ghuta, ar an doigh cheanna, agus is dual do na Faroigh an da litir a scriobh in ainriocht a cheile, mura bhfuil siad cleachtaithe i gceart ar an gceartlitriu.

Nil difriocht ar bith idir fuaimniu an "a" agus an "æ": [a] ata iontu nuair ata siad gairid, ach deantar defhoghar den ghuta fhada: [?aː]. Is mar [?aː] a fhuaimnitear an litir "a", ach giorraitear go [?] ("o" oscailte) i roimh chnuas trom consan. Maidir leis na litreacha "i" agus "y", ni aithnitear thar a cheile iad san fhuaimniu: is e an defhoghar [?i] (gairid) no [?iː] (fada) ata iontu. Ni feidir an t-"i" a aithint thar an "y" de reir na cainte ach an oiread: is e an guta ceanna, [i], ata ann. Mar [?uː] a fhuaimnitear an litir "u", ach amhain roimh chnuas consan: ansin, giorraitear an defhoghar sin go [?] ("u" gairid na Gearmainise ). Fuaimnitear "o" fada mar dhefhoghar freisin, [?uː], ach is ionann "o" gairid agus "ø" gairid.

Maidir leis na consain, deantar [d?] den "g" roimh ghutai tosaigh agus roimh "j" an litrithe: gestir [?d??st??] "cuairteoiri". Ar an mbealach ceanna, deantar [t?] den "k" san ait cheanna.

Ta a leitheid d'fheinimean ann agus an skerping , is e sin, an "gearu", a chiallaionn go n-athraionn fuaimniu na ngutai go mor mor roimh chnuasanna ar nos -gv-, -ggj. Mar shampla, is mar [?dː?] ("hodge" gan an [h]-) a fhuaimnitear an focal oyggj "oilean", ce go bhfuil gnathfhuaimniu an defhoghair "oy" le cloisteail i bhfoirmeacha eile an fhocail.

Gramadach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta ceithre thuiseal ag na hainmfhocail (agus ag na haidiachtai, ag na forainmneacha is na huimhirfhocail) san Fharois, mar ata, an tuiseal ainmneach, an tuiseal ainsioch, an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach. Ni bhionn an tuiseal ginideach chomh coitianta san Fharois agus san Ioslainnis, agus sa ghnathchaint, ta struchtuir nios simpli ag teacht in ait an ghinidigh liteartha ata munlaithe ar an Ioslainnis - is feidir a ra, fiu, gur cineal athbheochan e ginideach liteartha na Faroise.

San Ioslainnis, ta tri fhoirm eagsula ag an mbriathar san uimhir iolra: við kollum "glaoimid, scairtimid", þið kallið "glaonn sibh, scairteann sibh", þeir kalla "glaonn siad, scairteann siad". San Fharois, d'imigh an difriocht idir na pearsana: vit kalla , tit kalla , teir kalla . Ta an uimhir uatha nios casta san Fharois fein, no aithnionn na briathra go leir an difriocht idir an chead phearsa agus an da phearsa eile: eg kalli "glaoim", tu kallar "glaonn tu", hann kallar "glaonn se" (cf. Ioslainnis: eg kalla , þu kallar , hann kallar ).

Stor focal [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nior cuireadh an glanteangachas i bhfeidhm ar an bhFarois chomh dian agus ar an Ioslainnis, ach is iomai focal idirnaisiunta nach bhfuil le feiceail i dteacsanna Faroise, o thainig aistriuchan duchasach in usaid ina ait. Ta cuid de na tearmai duchasacha munlaithe ar an Ioslainnis, ar nos bokasavn "leabharlann" (Ioslainnis: bokasafn ), bokmentir "litriocht" (Ioslainnis: bokmenntir ), halastjørna "coimead, scuabrealta" (Ioslainnis: halastjarna ), ach ta tearmai eile beag beann ar an Ioslainnis fein: telda "riomhaire" (Ioslainnis: tolva ), kollvelting "reabhloid" (Ioslainnis: bylting ). Ni bhionn se as an ngnath, afach, focail Danmhairgise no Bhearla a fheiceail agus iad curtha in oiriuint do litriu na teanga: tineygjari "deagoir" ( teenager an Bhearla, cf. taningur na hIoslainnise, ar aistriuchan e ar an bhfocal Bearla cosuil le deagoir na Gaeilge fein).

Stadas na Faroise inniu [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1937 thainig an Fharois in ait na Danmhairgise sna scoileanna, agus sa bhliain 1948, d'fhorail an tAcht um Rialtas Duchais Oileain Fharo (Danmhairgis: Hjemmestyreordningen ) go gcaithfeadh an Danmhairgis tus aite a gheilleadh don Fharois mar theanga oifigiuil . Nior eirigh an Fharois coitianta sna fograin trachtala roimh na seachtoidi, afach. Ta stadas laidir ag an Danmhairgis sa phopchultur i gconai, agus is minic nach mbionn bileoga fograiochta na sreangshiopai ar fail ach as Danmhairgis.

Litriocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ba i an Danmhairgis priomhtheanga na scribhneoiri Farocha go dti le deanai. Scriobh William Heinesen (1900-1991) a chuid saothar sa teanga sin, ce gurb iad Oileain Fharo a thug inspioraid da chuid scribhinni. Ce go raibh Heinesen ag scriobh as Danmhairgis, bhi se go trean ar son athbheochan na seanteanga, agus nuair a gearrliostaiodh e do Dhuais Nobel sa Litriocht , scriobh se litir chuig Acadamh na Sualainne ag impi orthu a ainm a bhaint den liosta, no bhi se barulach go ndeanfadh se dochar do litriocht na Faroise da mbronnfai an duais ar scribhneoir Danmhairgise o na hoileain. Is e Heðin Bru (fiorainm: Hans Jacob Jacobsen, 1901-1987) scribhneoir clasaiceach na teanga, agus is e Roi Patursson morscribhneoir agus morfhile ar linne fein. Scribhneoir tabhachtach eile e Gunnar Hoydal, ailtire agus scribhneoir a rugadh sa bhliain 1941 i g Cobanhavan nuair a bhi an Danmhairg forghafa ag na Naitsithe . Scribhneoir bisiuil mna i Marianna Debes Dahl a saolaiodh i Vestmanna (oilean Streymoy) sa bhliain 1947. Chuaigh si le gluaiseachtai radacacha na seascaidi agus na seachtoidi, rud ata le haithint ar a cuid scribhinni, agus i ag cur in aghaidh an chiniochais, na hapairteide agus na teisclime cogaidh. Ta si tar eis breis is fiche leabhar a fhoilsiu, cuid acu do na daoine fasta, cuid acu do na daoine oga, agus cuid eile fos, an chuid is mo b'fheidir, do na paisti.