한국   대만   중국   일본 
An Bhrataslaiv - Vicipeid Jump to content

An Bhrataslaiv

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhrataslaiv
Bratislava (sk)
Pozsony (hu)
Pressburg (de)
Pre?porok (sk)
Bratislava (cs) Cuir in eagar ar Wikidata
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suiomh
Map
  48°08′41″N 17°06′46″E  /  48.1447°N 17.1128°E  / 48.1447; 17.1128
Stat ceannasach an tSlovaic
Region of Slovakia (en) AistrighBratislava Region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Priomhchathair de
Daonra
Iomlan 475,503 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlus 1,293.53 hab./km²
Tireolaiocht
Achar dromchla 367.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i no in aice le limistear uisce An Danoib Cuir in eagar ar Wikidata
Airde 152 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonrai stairiula
Cruthu 907
Eagraiocht pholaitiuil
• Ceannaire an rialtais Matu? Vallo (2018?) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantoir tuairisciuil
Cod poist 8XX XX Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochod 2 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suiomh greasain bratislava.sk Cuir in eagar ar Wikidata

Is i an Bhrataslaiv ( Slovaicis : Bratislava , seanainm Slovaicise: Pre?porok , Ungairis : Pozsony , Gearmainis : Pressburg , Laidin : Posonium ) priomhchathair na Slovaice , agus i ar an gceann is mo de chathracha na Slovaice fosta, o ta conai ar 450,000 duine ansin. Is i larionad polaitiochta, cultuir agus eacnamaiochta na tire i. Ta si suite ar an da thaobh den Danoib , agus i an-chongarach do theorainn na h Ostaire agus na h Ungaire . Is i an t-aon phriomhchathair amhain ar fud an domhain ata ag criochantaiocht le dha thir choimhthiocha, agus nil si ach faoi chaoga cilimeadar o phriomhchathair na hOstaire, Vin .

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta aitreabh daonna anseo o laethanta na Clochaoise Neoiliti anuas, ach is docha gurb iad na Boii , an treibh Cheilteach a bhronn a hainm ar an mBoiheim i bPoblacht na Seice, a chuir tus leis an gcead "chathair" san ait seo ta dha chead bliain roimh bhreith Chriost . Ni raibh ann ach oppidum , mar a thugann an Laidin ar a leitheid, no rath. Bhi muileann airgid ag na Boii san ait, agus is diol suntais iad na boinn airgid a bhi a mbualadh ansin: is gnach biatec a thabhairt orthu, toisc gurbh e sin ainm an taoisigh a bhi le feiceail ar na boinn.

Thit an ait leis na sean-Romhanaigh sa chead aois i ndiaidh bhreith Chriost, agus ba chuid de choras cosanta na gcrioch Romhanach i go dti an ceathru haois . B'iad na Romhanaigh freisin a chuir tus le deantus an fhiona.

An Bhrataslaiv

Thainig na Slavaigh - sinsir na Slovacach - go dti an ait sa chuigiu no sa seu haois, le hImirce Mhor na Naisiun. Sa bhliain 623, bhunaigh siad an chead "stat" Slavach riamh, riocht Samo, mar sciath chosanta ar na h Avaraigh , treibh Thurcach a bhi ag ionsai na Slavach san am. Sa naou haois, aris, bhi an-rol ag Caislean na Brataslaive agus Caislean Devin mar bhunaiteanna ag Prionsacht Nitra agus ag an Moraiv Mhor , stait thabhachtacha de chuid na Slavach san am.

Rinneadh an chead tracht ar an mBrataslaiv in aon fhoinse scriofa sa bhliain 907. Tagairt ata ann don doigh ar thainig deireadh le stat na Moraive Moire agus e faoi ionsai ag na hUngaraigh.

Sa bhliain 1000, thainig Riocht na hUngaire chun saoil. Bhi an Bhrataslaiv, no Pozsony , suite in aice le teorainn na riochta seo, agus is iomai sin ionsai a rinneadh ar an ait. Mar sin fein, thosaigh an t-aitreabh ag forbairt anseo chomh maith leis an eacnamaiocht, agus sa bhliain 1291, bhronn Aindrias a Tri, Ri na hUngaire agus na Croite, cairt cathrach ar an ait.

Sa bhliain 1526, chloigh na Turcaigh an Ungair i gCath Mohacs, agus ina dhiaidh sin, d'fheach siad leis an mBrataslaiv fein a ionsai. Chuir siad leigear ar an ait agus iad ag iarraidh i a ghabhail, ach bhi fuar acu, ce go ndearna siad an-damaiste don chathair. Bhi an oiread sin de thailte na hUngaire sealbhaithe ag na Turcaigh gur gaireadh priomhchathair na hUngaire den Bhrataslaiv nuair a thit an Ungair leis an Ostair sa bhliain 1536. On am sin i leith, bhi tabhacht nua leis an gcathair. Bhi na rithe a gcoronu agus na heaspaig a n-oirniu anseo.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]