An Afracainis
Afrikaans
|
---|
Cineal
| teanga
agus
teanga bheo
|
---|
|
Cainteoiri duchais
| 7,200,000 (2016)
|
---|
Duchasach do
| an Bhotsuain
,
Central District
(en)
,
Ghanzi District
(en)
,
Kgalagadi District
(en)
,
Kgatleng District
(en)
,
Southern District
(en)
,
an Afraic Theas
agus
Deisceart na hAfraice
|
---|
Stait
| an Afraic Theas
,
an Bhotsuain
,
an Namaib
,
an tSaimbia
agus
an tSiombaib
|
---|
|
|
|
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmainice
Gearmainic an Iarthair
teangacha Francoiniacha
teangacha Francoiniacha Iochtaracha
|
|
Coras scribhneoireachta
| aibitir Laidineach
|
---|
Institiuid caighdeanaithe
| Taalkommissie
(en)
|
---|
Stair
| Q523576
|
---|
|
ISO 639
-1
| af
|
---|
ISO 639-2
| afr
|
---|
ISO 639-3
| afr
|
---|
Glottolog
| afri1274
|
---|
Linguasphere
| 52-ACB-ba
|
---|
Ethnologue
| afr
|
---|
ASCL
| 1403
|
---|
Linguist List
| afr
|
---|
IETF
| af
|
---|
Is teanga Iar-
Ghearmainice
i an
Afracainis
, agus i an-chosuil leis an
Ollainnis
. Labhraitear san
Afraic Theas
agus sa
Namaib
i thar aon ait eile, ach ta teacht ar an gcorr-chainteoir sa
Bhotsuain
, i
Leosota
, sa
tSuasalainn
, sa t
Siombaib
, agus sa t
Saimbia
chomh maith. De thoradh na himirce on Afraic Theas, ta timpeall ar 30.000 cainteoir Afracainise ina gconai sa
Riocht Aontaithe
. Ta pobail thabhachtacha i b
Perth
san
Astrail
, i d
Toronto
,
Ceanada
agus
Auckland
sa
Nua-Shealainn
freisin. Usaideann grupai eagsula eitneacha an Afracainis thar aon teanga eile, mar ata, na Boraigh (
boers
), is e sin, na Geala a labhraionn an teanga, na Daiteanaigh (Afracainis:
bruinmense, kleurlinge
) a labhraionn i, agus sainghrupai ar daoine datha iad, ar nos na m
basters
, Malaeigh na Rinne (
Cape Malays
), agus na
Griquas
. Ta conai ar na
basters
i lar na Namaibe, go hairithe timpeall ar Rehoboth.
Is i an teanga is gaolmhaire don Afracainis na an Ollainnis, agus is feidir le cainteoiri an da theanga seo an-adhmad a dheanamh as caint a cheile i gconai. Is i an ghramadach an phriomhdhifriocht, no ta cuid mhor de mhirialtachtai na hOllainnise imithe on Afracainis, go hairithe an inscne ghramaduil. Aithnionn an Ollainnis tri inscne i gconai, is e sin, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, ce go bhfuil an difriocht idir an bhaininscne agus an fhirinscne beagnach imithe sa teanga sin fein. An Afracainis, afach, ni aithnionn si fiu an difriocht idir an inscne neodrach agus an da inscne eile a thuilleadh. Thairis sin, ta an Afracainis tar eis cuid mhaith focal a fhail o na teangacha bunduchasacha a labhraitear i nDeisceart na hAfraice, agus ce go bhfuil litriu na hAfracainise bunaithe ar litriu na hOllainnise, is gnach na focail iasachta no idirnaisiunta a chur in oiriuint do choras litrithe na teanga ar bhealach i bhfad nios deine na mar a dheantar san Ollainnis. An delitir ij, IJ, a usaidtear san Ollainnis, caitheadh i dtraipisi i san Afracainis: y, Y a scriobhtar ansin.
Ta se ina chnamh spairne i gconai conas a d'fhorbair an Afracainis, no is iontach luath a thit coras gramadai na hOllainnise as a cheile san Afraic, i gcomparaid leis na teangacha coilineacha eile. De ghnath, bionn an teanga nios
coimeadai
sna coilineachtai na a mhalairt. Is e an miniu a bhionn ag cuid mhor de na teangeolaithe nach Boraigh iad na gur tharla
nasctheangu
no
fasteangu
eigin don Ollainnis, is e sin, gur fhoghlaim grupa eigin de neamhchainteoiri duchais salacharail Ollainnise gan aird a thabhairt ar an ngramadach cheart, agus go raibh an grupa seo chomh mor is go raibh nios mo tionchar aige ar fhorbairt na teanga san Afraic Theas na ag na cainteoiri duchais a thainig isteach on Eoraip.
Deir an teangeolai
Paul Roberge
gur breacadh an Afracainis sios an chead uair sa bhliain
1795
. Ni raibh i gceist san am sin ach cineal raimeis vearsaiochta. Sa chead leath den naou haois deag fein, ba i an Ollainnis chaighdeanach an teanga ina ndeanadh na Boraigh a gcuid leitheoireachta. Bhi an-rol i gcaighdeanu na teanga ag L.H.Meurant, a d'fhoilsigh
Zamenspraak tusschen Klaas Waarzegger en Jan Twyfelaar
sa bhliain 1861. Iriseoireacht pholaitiuil ata i gceist leis an
Zamenspraak
seo (is e is ciall leis an teideal na "Comhra idir Nioclas Firinneach agus Eoin Amhrasach") agus is e is abhar don teacs na gluaiseacht neamhspleachais Choilineacht na Rinne. Go gairid ina dhiaidh sin d'fhoilsigh an scolaire Ioslamach Abubakr Effendi treoirleabhar reiligiunach do Mhoslamaigh na hAfraice Theas sa teanga, agus e ag usaid na litreach Arabach. Bhi teanga Abubakr an-congarach don Afracainis labhartha - nios congarai na stil Meurant a raibh blas na hOllainnise uirthi go foill. Ba e Cumann na bhFior-Afracanach, no
Genootschap vir Regte Afrikaners
, i g
Cathair na Rinne
a d'fhoilsigh an chead fhocloir Afracainise agus an chead ghraimear, sa bhliain
1875
.
Nuair a thainig stat na hAfraice Theas ar an bhfod sa bhliain
1910
, ba iad an Bearla agus an Ollainnis na teangacha oifigiula. Sa bhliain
1925
, cuireadh an Afracainis in ait na hOllainnise.
Cuid thabhachtach de chaighdeanu na hAfracainise ab ea an chead aistriuchan ar an mBiobla. Le fada an la bhi lucht labhartha na hAfracainise ag usaid an
Statenbijbel
no an
Statenvertaling
, leagan Ollainnise a foilsiodh sna 1630idi agus a bhi deacair dothuigthe ag cainteoiri na hOllainnise comhaimseartha fein gan tracht ar bith a dheanamh ar lucht na hAfracainise. Thainig an chead aistriuchan iomlan i gclo sa bhliain 1933: i measc na n-aistritheoiri bhi an file Jacob Daniel "Totius" du Toit agus an diagaire Barend Bartholomeus Keet a bhi go mor mor in aghaidh an doigh a mbainti usaid as an mBiobla leis an
apairteid
a chosaint.
Ta gramadach na hAfracainise simplithe go mor, i gcomparaid leis an Ollainnis. Mar a luadh thuas, d'imigh an inscne ghramaduil go hiomlan. Ni usaidtear foirmeacha pearsanta na mbriathar a thuilleadh, ach an oiread: deir an Ollainnis
ik ben, jij bent, hij is
("taim, tair, ta se"), ach is e
is
an t-aon fhoirm a chloisfea san Afracainis:
ek is, jy is, hy is
("ta me, ta tu, ta se"). Tabhair faoi deara gurb e
ons
an focal ar
muid, sinn
, cf.
us
sa Bhearla - usaideann an Ollainnis an fhoirm
wij
agus
ons
cosuil leis an doigh a n-usaidtear
we
agus
us
sa Bhearla, ach ta
wij
imithe san Afracainis go hiomlan.
Ons is
seachas
wij zijn
a deir lucht labhartha na Afracainise: "ta muid".
D'imigh an aimsir chaite shimpli as an teanga beagnach go hiomlan, o thainig an aimsir chaite fhoirfe, chomhshuite ina hait. San Ollainnis is feidir an da rud a ra:
ik dronk
"d'ol me", cf.
I drank
sa Bhearla agus
ich trank
sa Ghearmainis, agus
ik heb gedronken
"ta olta agam", cf.
I have drunk
sa Bhearla agus
ich habe getrunken
sa Ghearmainis. San Afracainis afach nil ach
ek het gedrink
ar fail. (Tabhair faoi deara, afach, go bhfuil an claonadh ceanna le haithint sa Ghearmainis labhartha: is leasc leis na daoine
ich trank
a usaid sa ghnathchaint i gcuid mhor den Ghearmain, agus is e
ich habe getrunken
an t-aon rud a chloisfea o na daoine.)
Nil ag an gcuid is mo de na briathra san Afracainis ach dha fhoirm: an fhoirm bhunusach a dheanann gno an infinidigh agus na haimsire laithri araon, cosuil le
drink
, agus rangabhail na haimsire caite, cosuil le
gedrink
. Ni chuirtear iarmhir ar bith leis an mbunfhoirm, agus ni athraitear guta an tamhain:
drinken - gedronken
san Isiltiris, agus
drink - gedrink
san Afracainis.
Murab ionann agus an chuid is mo de na teangacha Eorpacha ni usaidtear aon chineal aimsir chaite san insint i ngearrscealta agus in urscealta Afracainise. Is i an aimsir laithreach an aon aimsir a d'fheicfea sa chomhtheacs sin.
Ta an iarmhir
-s
i bhfad nios coitianta in uimhir iolra na n-ainmfhocal san Afracainis na san Ollainnis. Mar sin, is e iolra an fhocail
man
(fear) na
mans
.
Mannen
a dearfa in Ollainnis.
Gne shuntasach de chomhreir na hAfracainise is ea an diultu dubailte:
hy kan nie Afrikaans praat nie
"nil se in ann Afracainis a labhairt". Ni fheicfea ach aon diultu amhain san Ollainnis:
hij kan geen Afrikaans spreken
(
geen
=
kein
na Gearmainise).
Is leir gur fhorbair stor focal na hAfracainise ina threo fein i rith na gceadta bliain, i gcomparaid leis an Ollainnis. Ghlac an teanga le focail iasachta o theangacha bunduchasacha na hAfraice. Thairis sin, bhi an Bearla ina fhoinse thabhachtach tionchair i bhfad sular thosaigh se ag dul i bhfeidhm ar theangacha an uile dhomhain. On taobh eile de, nuair a thosaigh lucht labhartha na hAfracainise ag cur in aghaidh cheannas an Bhearla san Afraic Theas, chuaigh a lan focail nuachumtha in usaid sa teanga, agus is minic a usaideann lucht labhartha na hAfracainise focail da ndeantus fein seachas na focail Bhearla a bhfuil glacadh coitianta leo san Isiltir agus i bhFlondras. Sampla tipiciuil e an focal
rekenaar
"
riomhaire
" san Afraic Theas - is e
computer
an focal a chloisfea san Ollainn. Tearmai cosula eile iad
rolprent
(scannan,
film
san Ollainnis),
hysbak
(ardaitheoir,
lift
san Ollainnis) agus
woonstel
(arasan,
appartement
san Ollainnis).
On taobh eile de ta an Bearla agus an Afracainis i siortheagmhail san Afraic Theas, agus da reir sin bionn iasachtai Bearla coitianta sa ghnathchaint, direach mar a bhionn i ngnathchaint na Gaeltachta - agus ar ndoigh is iomai focal Afracainise a chuaigh i bhfairsinge i mBearla na hAfraice Theas.
Is minic a bhionn usaid na bhfocal san Afracainis munlaithe ar an mBearla. Mar shampla, usaidtear an focal
amptelik
le gach gne den fhocal Bearla
official
a aistriu. Ma ta "fisean oifigiuil" ag banna ceoil eigin, is e an leagan Afracainise air sin na
amptelik video
. San Ollainnis agus sa Ghearmainis, afach, d'usaidfea an focal Laidinbhunaithe
officieel/offiziell
, no ni thagrodh
ambtelijk/amtlich
sna teangacha sin ach d'oifig phoibli (
ambt/Amt
). Cosuil leis sin, is e is ciall leis an bhfocal
eventueel
san Afracainis na "sa deireadh" (cf.
eventually
sa Bhearla), ach is eard a chiallaionn
eventueel
na hIsiltirise agus
eventuell
na Gearmainise na "(ta se) incheaptha, is feidir".
Is e an focal Afracainise ar "cistin" na
kombuis
- focal nach dtagraionn ach do chocus (cistin loinge) san Ollainnis. Sampla e seo den doigh a ndeachaigh focail as caint na mairnealach Ollannach i ngnathusaid san Afracainis.
Ta ceartlitriu na hAfracainise bunaithe ar an bhfuaimniu seachas ar shanasaiocht na bhfocal. Mar shampla, is e
spesiaal
an focal Afracainise a chiallaionn "speisialta, ar leith", ach is e an litir
c
a d'usaidfeadh an tOllannach:
speciaal
.
Ni usaidtear
sch
na
ij
na hOllainnise san Afracainis. Mar shampla, is e
maatskappy
an focal Afracainise ar "gnolacht" -
maatschappij
san Ollainnis.
| Is
siol
faoi
theangacha
e an t-alt seo.
Cuir leis
, chun cuidiu leis an Vicipeid.
Ma ta alt nios forbartha le fail i dteanga eile, is feidir leat aistriuchan
Gaeilge
a dheanamh.
|