An Ioslainnis

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ioslainnis
Islenska
Cineal teanga agus teanga bheo
Usaid
Cainteoiri duchais 321,040 (2015)
Duchasach do an Ioslainn
Stait an Ioslainn agus an Danmhairg
Aicmiu teangeolaioch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmainice
teangacha Gearmainice Tuaisceartacha
teangacha Lochlannacha Iartharacha
Treithe
Coras scribhneoireachta aibitir Laidineach , aibitir na hIoslainnise agus Icelandic Braille (en) Aistrigh
Institiuid caighdeanaithe Arni Magnusson Institute for Icelandic Studies (en) Aistrigh
Stair history of Icelandic (en) Aistrigh
Coid
ISO 639 -1 is
ISO 639-2 ice
ISO 639-3 isl
Glottolog icel1247
Linguasphere 52-AAA-aa
Ethnologue isl
ASCL 1502
IETF is

Is teanga Ghearmainice Thuaidh i an Ioslainnis ( islenska ) a labhraitear don chuid is mo san Ioslainn , tir ina bhfuil si ina teanga oifigiuil. Thairis sin, ta pobail bheaga a saothru in aiteanna i g Ceanada .

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is i an tSean-Ioslainnis, teanga Lochlannach a labhraiti agus a scriobhtai sa Mheanaois , an teanga onar eascair an Nua-Ioslainnis. Go stairiuil, is as iarthar na hIorua a thainig formhor na lonnaitheori a chuaigh ar imirce chun na hIoslainne. Mar sin, bhi an tSean-Ioslainnis agus an tSean-Ioruais an-chosuil lena cheile, agus is iad canuinti iarthar na hIorua is gaolmhaire leis an Ioslainnis sa la ata inniu ann, lasmuigh den Fharois . Mar sin fein, toisc i a bheith scoite o chanuinti na Mor-roinne , is ar eigean a d’athraigh gramadach na hIoslainnise le linn na milaoise o shin, go hairithe o thaobh na moirfeolaiochta de. Inniu, ta an Ioslainnis i bhfad nios cosula leis an tSean-Lochlainnis a bhi a labhairt ag na hUigingigh a thug an t-oilean chun mintireachais mile bliain o shin na leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCrioch Lochlann.

Teann traidisiun liteartha na hIoslainnise siar go dti an Mheanaois, agus is beag difriocht is feidir a aithint idir Ioslannis na triu haoise deag agus Ioslainnis an lae inniu, o thaobh na teanga scriofa ar a laghad. Mar sin, bionn cainteoiri abalta an tseanlitriocht a leamh, ce go n-usaidtear notai le ciall a bhaint as an gcomhtheacs culturtha de ghnath.

Is i an fuaimniu is mo a d'athraigh idir an da linn, agus uaireanta bionn se le haithint ar an litriu: rinneadh eg den fhocal ek "me", agus thainig an -ð in ait an -t san fhoirm neodrach de rangabhail na haimsire caite agus den alt: fundið "aimsithe, fionnta, faighte" (an inscne neodrach) an leagan nua-aimseartha, fundit a bhi ag lucht labhartha na Sean-Ioslainnise.

Is feidir na hathruithe a shoileiriu leis an sliocht seo as an sceal sean-Ioslannach ud Orvar-Odds saga :

Grimr het maðr ok var kallaðr loðinkinni. Þvi var hann sva kallaðr, at hann var með þvi alinn, en þat kom sva til, at þa þau Ketill hængr, faðir Grims, ok Hrafnhildr Brunadottir gengu i eina sæng, sem fyrr er skrifat, at Bruni breiddi a þau huð eina, er hann hafði boðit til sin Finnum morgum, ok um nottina leit Hrafnhildr ut undan huðinni ok sa a kinn einum Finninum, en sa var allr loðinn. Ok þvi hafði Grimr þetta merki siðan, at menn ætla, at hann muni a þeiri stundu getinn hafa verit. Grimr bjo i Hrafnistu. Hann var auðigr at fe ok mikils raðandi um allt Halogaland ok viðar annars staðar. Hann var kvangaðr, ok het Lopthæna kona hans. Hun var dottir Haralds hersis or Vik austan.

Seo mar a litreofai inniu e:

Grimur het maður og var kallaður loðinkinni. Þvi var hann svo kallaður, að hann var með þvi alinn, en það kom svo til, að þa þau Ketill hængur, faðir Grims, og Hrafnhildur Brunadottir gengu i eina sæng, sem fyrr er skrifað, að Bruni breiddi a þau huð eina, er hann hafði boðið til sin Finnum morgum, og um nottina leit Hrafnhildur ut undan huðinni og sa a kinn einum Finninum, en sa var allur loðinn. Og þvi hafði Grimur þetta merki siðan, að menn ætla, að hann muni a þeirri stundu getinn hafa verið. Grimur bjo i Hrafnistu. Hann var auðugur að fe og mikils raðandi um allt Halogaland og viðar annars staðar. Hann var kvongaður, og het Lofthæna kona hans. Hun var dottir Haralds hersis ur Vik austan.

Gramadach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta gramadach ar leith ag an Ioslainnis i gcomparaid leis na teangacha Gearmainice nua-aimseartha eile, go hairithe nuair a airitear ce chomh saibhir agus ata a moirfeolaiocht ainmfhoclach agus bhriathartha. Is teanga an-infhillte i, a bhfuil ceithre thuiseal aici: ainmneach, cuspoireach, tabharthach agus ginideach. Ta tri inscne aici, a aithnitear thar a cheile iad san uimhir iolra chomh maith leis an uimhir uatha: firinscne, baininscne agus neodar. Don chuid is mo, marcailtear na catagoiri seo go soileir ar ainmfhocail, aidiachtai agus forainmneacha, de ghnath i bhfoirm iarmhireanna infhillte ag deireadh na freamhfhoirme ata i gceist, mar a leiritear sna tablai thios:

FJORÐUR "caolshaile, fiord" (firinscneach laidir), API "apa" (firinscneach lag)

uatha iolra
ainmneach fjorður, api firðir, apar
cuspoireach fjorð, apa firði, apa
tabharthach firði, apa fjorðum, opum
ginideach fjarðar, apa fjarða, apa

AÆTLUN "amchlar, sceideal, plean" (baininscneach)

uatha iolra
ainmneach aætlun aætlanir
cuspoireach aætlun aætlanir
tabharthach aætlun aætlunum
ginideach aætlunar aætlana

HUS "teach" (neodrach)

uatha iolra
ainmneach hus hus
cuspoireach hus hus
tabharthach husi husum
ginideach huss husa

Nil alt eiginnte san Ioslainnis, ach is gne den teanga nua-aimseartha e an t-alt deimhneach. Nior fhorbair se ach faoin am ar shealbhaigh na Lochlannaigh an Ioslainn, agus i stileanna airithe, go hairithe i stil na seanscealta, is feidir an t-alt deimhneach fein a fhagail ar lar. Diochlaontar an t-alt sa da uimhir agus sna tuisil: husið ("an teach", ainmneach agus cuspoireach), husinu (tabharthach), hussins (ginideach), husin (ainmneach agus cuspoireach san uimhir iolra), husunum (tabharthach iolra), husanna (ginideach iolra). Tabhair faoi deara go ligtear -m an tabharthaigh iolra ar lar roimh an alt.

Stor focal [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Cuireann muintir na hIoslainne an-bheim ar an nglanteangachas, agus is minic a usaideann siad a dtearmai fein seachas na focail idirnaisiunta. Samplai is ea iad:


efnafræði ceimic
frumeind adamh (d'fheicfea atom chomh maith)
liffræði bitheolaiocht
orka fuinneamh
simi teileafon, guthan
sjonvarp teilifis
stærðfræði matamaitic
tolva riomhaire
utvarp raidio, craolachan

Usaidtear tearmai freisin a bhfuil cosulacht eigin acu leis an mbunfhocal coimhthioch ce go bhfuil ciall acu san Ioslainnis ("comhoiriunu fonaiseimeantach" mar a deirtear). Mar shampla is e an focal Ioslainnise ar "teicneolaiocht" na tækni : is leir gurb e teknik no Technik bunus an fhocail seo, ach san am cheanna is feidir leis an gcainteoir Ioslainnise e a shamhlu leis an bhfocal duchasach tæki = gleas (teicneolaioch).

Go coitianta, afach, ni aistritear ainmneacha na bpairtithe polaitiula na na focail a dhiorthaionn uathu: kommunismi , sosialismi , fasismi , nasismi . Usaidtear demokrati agus republikani le tagairt do na pairtithe sna Stait Aontaithe (agus cosuil leis sin is kristilegir demokratar iad na Daonlathaigh Chriostai i dtiortha airithe san Eoraip), ach is lyðræðissinnar agus lyðveldissinnar iad na daonlathaigh agus na poblachtaigh sa ghnathchiall. ( Irski lyðveldisherinn a thugtar ar an IRA as Ioslainnis, agus is lyðveldissinnar iad na Poblachtaigh Eireannacha.)

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]