한국   대만   중국   일본 
Ailtireacht - Vicipeid Jump to content

Ailtireacht

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.

Ealaion agus eolaiocht ar dhearadh foirgnimh ata san Ailtireacht . Chludodh sainmhiniu nios leithne dearadh na timpeallachta, o leibheal macrai phleanail bailte , dearadh cathartha , agus ailtireacht tirphictiura go leibheal micri-dhearadh troscan no dearadh tairgi .

An Parthenon ar an Acropolis , in Aithin na Greige

Scop agus cuspoir [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

De reir an chead saothar faoin abhar a bhfuil teacht againn fos air, De Architectura le Vitruvius , ba choir go mbeadh Ailleacht (Venustas), Buaine (Firmitas) agus Aisiulacht (Utilitas) ag baint le foirgneamh maith; feadtar a ra gur cothromu agus comheagru na priomhthreithe a bhaineann leis an ailtireacht agus gan aon cheann acu ag saru aon chinn eile. Cuireann sainmhiniu nua-aoiseach beim ar conas mar a phleitear le ceisteanna aeisteitiula, structurtha agus feidhmiula.

Gno ilgheitheach is ea an ailtireacht, agus baineann si feidhm as an matamaitic , an eolaiocht , an ealaion , an teicneolaiocht , na h eolaiochtai soisialta , an b polaitiocht , an stair , an bh fealsunacht agus gneithe eile nach iad. I bhfocail Vitruvius, "Is eard ata san ailtireacht eolas ata maisithe le cinealacha eagsula leinn agus a chuidionn le breith cheart a thabhairt ar a ndeantar tri cheirdeanna eile" ( architecti est scientia pluribus disciplinis et variis eruditionibus ornata, cuius indicio probantur omnia quae ab ceteris artibus perficiuntur opera ). Maionn se gur choir d´ailtire a bheith oilte ar cheol, realteolaiocht agus abhair eile. Cuirtear beim ar leith ar an bh fealsunacht ; cluintear caint go minic ar fhealsunacht ailtiri ar leith, nuair is e a bhealach oibre ata i gceist.

An Colosseum , sa Roimh , An Iodail

Teoiric agus cleachtadh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ba dheacair an iomarca beime a chur ar thabhacht na teoirice agus an cleachtadh i gceist, ce gur beag ailtire a bhacann le teoiric. Mar a deir Vitruvius: "As an gcleachtadh agus as an teoiric a fhaisctear an ailtireacht. Is eard ata sa chleachtadh machnamh fada leanunach a dheanamh ar an deantus, agus na lamha ag oibriu air i dtreo go gcuirtear an obair i gcrich le chuile shaghas abhair. Is eard ata sa teoiric an miniu agus an soileiriu is feidir a dheanamh ar oiriunacht na rudai a beartaiodh" ( ea nascitur ex fabrica et ratiocinatione. Fabrica est continuata ac trita usus meditatio, qua manibus perficitur e materia cuiuscumque generis opus est ad propositum deformationis. Ratiocinatio autem est quae res fabricatas sollertia, ratione proportionis demonstrare atque explicare potest ).

Ailtireacht agus foirgnimh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is iomai duine a chuir suim sa difriocht ata idir togail agus ailtireacht. Deir Nikolaus Pevsner , starai Eorpach a bhi beo i dtus na 20u hAois, "Is foirgneamh e cro rothar, is saothar ailtireachta i Ardeaglais Lincoln". Ach nil an deighilt chomh soileir sin, dar le saineolaithe an lae inniu. Thug an leabhar cailiuil Architecture Without Architects o lamh Bernard Rudofsky raidhse samplai de struchtuir a rinne gnathdhaoine le cois a cheile i riocht na hailtireachta. I re airithe bionn daoine ar aon intinn faoi ceard is ailtireacht ann ach meathann an tuairim sin le himeacht aimsire agus deantar an sceal a sholeiriu ar bhealach eile. Ma mheasaimid gurb eard ata san ailtireacht togail mhaith, mar a deir Vitruvius, an amhlaidh nach bhfuil a leitheid de rud ann is droch-ailtireacht? Leis an sceal seo a shocru, go hairithe agus an oiread sin foirgneamh nua ann, d´fheadfai an ailtireacht a shainmhiniu mar cheird an ailtire. Chuirfeadh se seo beim ar fhoras na hailtireachta agus an ailtire.

Stair na hailtireachta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D'eascair an ailtireacht as an gcaidreamh a bhi idir riachtanais na ndaoine, na habhair a bhi ar fail agus cumas an lucht togala.

De reir mar a aithniodh riachtanais eagsula eile, b’fhacthas nach raibh san ailtire ach duine mar dhaoine eile a raibh ga lena gcuid oibre. Amanta is e an fear stiurtha e, agus amanta ni he.

Mar chrioch

Is iad na foirgnimh an fhianaise is mo ar ghno na bhfear. Ach sna tiortha is boichte is iad na daoine iad fein no na saoir chloiche a dhearann iad, rud a dheantar le tairgi caighdeanaithe sna tiortha forbartha. Fanann an t-ailtire ar imeall na togala fein. Ni bhionn iarraidh ar scileanna an ailtire ach i bhfoirgnimh casta no sna cinn ar samhailchomharthai culturtha no polaitiula iad. Ach sin e an meas ata ag an bpobal ar an ailtireacht. Nil buntabhacht leis an ailtire agus ni bhionn se neamhspleach. Bionn idirghabhail i gconai idir an ailtire agus an pobal. Agus an rud a thagann as seo, feadtar ailtireacht a thabhairt air?mar thairgeadh no mar ghne eolais.

Ceithre shampla de stileanna ailtireachteacha i Londain , Sasana . Ta an Tur Swiss Re ann i measc na samplai seo, cruth uibhe uirthi agus an Duais Stirling gnothaithe ag na hailtireacha? Foster and Partners ?i 2004 .

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]