File
Araibise
on
tSiria
e
Adonis
, no
Ali Ahmad Sa'id Asbar
, a chaith an chuid ba mho da ghairmreim sa
Liobain
agus san
Fhrainc
. Rugadh in Al Qassabin in aice le Latakia (An tSiria) e ar an
1 Eanair
1930
. Scriobh se breis is fiche leabhar Araibise, idir
fhiliocht
agus chriticeoireacht liteartha, agus deirtear go bhfuil se ar an scribhneoir Araibise is dochula le
Duais Nobel na Litriochta
a bhaint amach, ma aosaitear do.
Feirmeoir a bhi in athair Adonis, agus an mac ag obair sna pairceanna o bhi se ina bhrin og. Alabhaitigh ab ea muintir Adonis, is e sin, bhi baint acu le seict bheag Shitheach nach nglacann cuid mhor de na
Moslamaigh Shunnacha
lei mar chuid d'
Ioslam
a thuilleadh. Bhi luiteamas ag athair an bhuachalla le filiocht, agus thugadh se ar a mhac danta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Thosaigh Adonis ag cumadh danta da chuid fein go luath, agus nuair a bhi se seacht mbliana deag d'aois, fuair se deis ceann acu a aithris d'Uachtaran na Siria,
Shukri al-Kuwaiti
. Thabhaigh sin scolaireachtai doibh a cheadaigh do staidear a dheanamh sa mheanscoil aitiuil i Latakia, agus ina dhiaidh sin, in Ollscoil na Damaisce, ait ar bhain se amach ceim san
fhealsunacht
sa bhliain 1954.
Deirtear go minic gurbh e Antun Saadeh, ceannaire Phairti Shoisialta Naisiunaioch na Siria, a bhronn an leasainm sin "Adonis" ar mo dhuine, ach ni mar sin a bhi. Le firinne, bhi ag teip ar an bhfile a chuid scribhinni a fhoilsiu sna hirisi Siriacha faoina ainm fein, agus sa deireadh, thosaigh se ag siniu a chuid scribhinni mar "Adonis", ainm a chuidigh leis a chuid abhair a chur i gclo. Sa bhliain 1955, chaith Adonis leathbhliain i dtoin phriosuin, nuair a chuaigh gearleanuint ar bhaill an Phairti Shoisialta Naisiunaioch. I ndiaidh na priosunachta, chuaigh Adonis ar imirce go dti an Liobain, ait ar bhunaigh se iris filiochta,
Majallat Shir
, in eineacht le file eile Siriach-Liobanach, Yusuf al-Khal. Bhi a lan daoine mishasta leis an
scribhneoireacht
nua-aimseartha thurgnamhach a d'fheicfea ar an iris, agus sa bhliain 1964, thainig deireadh lei. Tri bliana ina dhiaidh sin, d'athbheoigh lucht a heagarthoireachta i, ach nior fhill Adonis ar an iris. Bhi foraim eile ag Adonis cheana fein lena chuid scribhneoireachta a fhoilsiu, cosuil leis an nuachtan Liobanach
Lisan al-Hal
agus, ina dhiaidh sin, iris nua filiochta a bhunaigh se sa bhliain 1968,
Mawaqif
. Ba iad an da realt eolais a bhi aige ina chuid scribhneoireachta na an naisiunachas pan-Arabach agus spioradaltacht mhisteach Ioslam, is e sin, an
Sufachas
. Bhi se ina cheannrodai don Nua-Shufachas a chuaigh chun coitiantachta i bhfiliocht na hAraibise o na seachtoidi ar aghaidh.
Chaith Adonis na blianta 1960-61 ag staidear i b
Paras
, agus sna blianta 1970-85 bhi se ina ollamh le litriocht na hAraibise in ollscoil na Liobaine. Sna blianta 1980-81, bhi se ag teagasc Araibise in
Ollscoil Sorbonne
, Paras.