Scribhneoir Ruiseach a bhi in Aleksandr Sergeyevich Pushkin ( Ruisis : Алекса?ндр Серге?евич Пу?шкин ). Rugadh Pushkin i Mosco sa bhliain 1799 agus fuair se bas sa bhliain 1837. Is eisean file naisiunta na Ruise. [1] [2] [3]
Chruthaigh Pushkin stil easca nadurtha ata cosuil le caint uasalaicme a linne fein. D'fheadfa a ra, fiu, gurbh e Pushkin, thar aon duine eile, a chaighdeanaigh an Ruisis liteartha. Chum se na ceadta de dhanta, ach ba iad na laoithe mora eipiciula - na hurscealta faoi rim agus rithim - a thuill a chlu do. Ni raibh an oiread sin ratha ar a chuid prois, afach.
Chriochnaigh Pushkin ursceal stairiuil amhain i stil Walter Scott , Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Inion an Chaptaein"), agus chum se roinnt gearrscealta. [4]