Bionn
mallacht
eigin ar
rialtais dhaonlathacha
go mbionn siad de shior ag feachaint siar ar na cogai a bhionn thart. I bhfichidi na haoise seo caite thaispeain an Ginearal Billy Mitchell go bhfeadfadh eitlean amhain
long chogaidh
ar bith, da mhead i, a chur go
grinneall
. Nior tugadh aon cheann do. Bionn ceannairi mileata
coimeadach
de ghnath. Fiche eigin bliain nios deanai thuig na ginearail i Washington cad a bhi i gceist ag Billy nuair a thainig na Seapanaigh aniar aduaidh ar an g
cabhlach
ag Pearl Harbour.
Bhios ag obair le Comhlacht Teileafoin Nua-Eabhrac trasna na sraide on Ionad Tradala Domhanda, ag 140 West St., nuair a cuireadh buama faoin Ionad i 1993. Toisc go raibh cupla
malartan
agus trealamh teileachumarsaide de chuile short againn sa bhfoirgneamh, bhinn isteach is amach ann go minic a bhfeachaint, ar feadh tamaill i ndiaidh an ionsaithe. Neartaigh go mor ar an
gcoras slandala
i rith an ama sin. Cuireadh bloic mhora
stroighne
os comhair na ndoirse amach sa treo nach bhfeadfai leorai a thiomaint isteach ann. Thosaiodar ag cuardach gach cairr a chuaigh isteach sa charrchlos. Bhi ar chuile dhuine a bhi ag obair sna Tuir, no ag dul isteach iontu
go rialta
, pas a raibh a phictiur air a fhail.
Bhi na poilini an-bheacht i dtaobh rialacha. Chuireas aithne mhaith ar oifigeach amhain diobh. Is cuimhin liom fos e a ra liom la: “Ni fheadfadh fiu luch teacht isteach anseo anois i ngan fhios duinn.” Sea, rachadh se dian ar luch ceart go leor ach nior bhuail an smaoineamh riamh iad nach mbeadh fadhb ar bith ag
sciathan leathair
leis an gcoras.
Gabhadh an dream
sceimhlitheoiri
a bhi taobh thiar den ionsai san agus cuireadh faoi ghlas lena saol iad. Bhi na seirbhisi slandala lansasta leo fein. Ach de reir fianaise a nochtadh i rith na trialach bhi
sceim dhiabhlai
eile beartaithe ag na
bithiunaigh
seo da dteipfeadh orthu sa chead iarracht. Bhiodar chun eitlean a fhail ar cios,
lastas dinimite
a chur ar bord, agus ionsai a dheanamh ar na Tuir leis. D’fhagfadh san go raibh, ar a laghad, piolota amhain acu
gleasta chun gnimh
ag an am sin.
Dhealrodh se
nar tugadh moran airde ar na
firici
seo. Cen fath go dtabharfai agus na
coirpigh
faoi ghlas? Nior cuireadh suim romhor ach oiread sna fiche eigin Arabach a bhi ag freastal ar
ranganna eitilte
le deanai ce go raibh
amhras
ag cuid da muinteoiri orthu. Theip glan ar an gcoras slandala sa chas seo freisin.
Drochamhras
=======
Is leir anois nach raibh an CIA agus an FBI ag comhoibriu le cheile ar feadh na mblianta. Ar ndoigh,
ag cuimilt cheirt an smearaidh ar a cheile
a bhiodar le blianta beaga anuas. Dob amhlaidh a cheap an FBI go raibh duine eigin sa CIA ag cur
faisneise iogaire
chun na Ruise, o lar na n-ochtoidi amach. Bhi a leitheid ann, ach ba dhuine diobh fein e. Chun an
drochamhras
seo idir an da eagraiocht a leigheas agus na forsai slandala go leir a shnaidhmeadh le cheile, chruthaigh an tUachtaran Bush roinn nua rialtais, “Homeland Security”. Thogh se aire rialtais nua le bheith ina bhun, cara leis fein, Tom Ridge.
An la a ghlac se an post duirt Ridge go raibh an seansaol imithe agus go raibh tus curtha le cluiche
marfach
ag na sceimhleitheoiri agus gur mhithid do na forsai slandala
reamhthuairmi
a chaitheamh i leataobh agus tabhairt faoi mhachnamh cul le nosmhai
reacht
a dheanamh. Ta breis is mi caite aige anois sa phost nua agus ta na heagraiochtai in ainm is a bheith
ag imirt a gcleas d’aontaobh
ach taim in amhras faoi. Ta Ridge agus Condoleezza Rice, Comhairleoir ar Chursai Slandala Naisiunta,
in adharca a cheile
, cloisim.
Bearfaidh am sceala
.
Timpeall an 19 Samhain chuir an tUachtaran a ainm le reacht ur slandala eitliochta faoi dheireadh. Shinigh Bush e ce nach raibh se fein na cuid mhaith de na hionadaithe roshasta leis dairire, mar gheall ar go gcuireann se na haerfoirt faoi churam 28,000 oibri nua feidearalach. Beidh na hoibrithe seo ina g
ceardchumannaithe
, ta a fhios agat, rud nach dtaitnionn leis na Poblachtaigh.
Go dti seo,
conraitheoiri priobhaideacha
a bhi i mbun slandala.
Bunpha caolmhaireachtala
a fhail ag a gcuid oibrithe agus gan
sochair fhostai
na eile acu. Bhi an
rata athraithe lucht oibre
iontach ard, ni nach ionadh. Theip ar an gcoras sin aris is aris eile agus nior ghabh la thart le mi anuas nach raibh eachtra eigin sna paipeir a leiriu san. Bhi
prainn
le coras nua.
Chuir an Seanad chuige laithreach agus mi o shin ritheadar bille (100-0) a chuir slandail na n-aerfort faoi churam an rialtais agus seoladh go dti an Teach e. Thosaigh an diospoireacht agus an chonspoid. Ar feadh an ama bhi Bush fein ag moladh shabhailteacht na n-aerfort. Bhi
colg
ag teacht ar lucht taistil. Chuir uafas eile deireadh leis an gcaint. Tharla
tuairt
i Queens agus cailleadh 260 duine ar Eitilt 587. Ce go raibh gach dealramh ar an sceal o thus gur timpiste a bhi ann ghlac eagla an pobal. Ghlac na hIonadaithe le toil an phobail agus le vota 410-9 cuireadh reacht ciallmhar chun an Ti Bhain chun sinithe.
Biodh se mar chloch ar charn na ndaoine a maraiodh ar Eitilt 587.