한국   대만   중국   일본 
Beo! - Ag cuimhneamh ar laochra an 11 Mean Fomhair
AR NA SAOLTA SEO / O MHEIRICEA ANIAR
Ag cuimhneamh ar laochra an 11 Mean Fomhair
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Bhi go leor searmanas ar siul le cupla seachtain anuas i gcuimhne orthu siud a cailleadh san ionsai sceimhlitheoireachta ar Nua-Eabhrac i mi Mhean Fomhair anuraidh. I measc na ndaoine a rabhthas ag cuimhneamh orthu ag na hocaidi sin, bhi poilin de bhunadh Eireannach, Stephen Driscoll. Tuairisc o Tom Deignan.

Íomhá
Poilini ag searmanas ag Ground Zero an mhi seo caite.
Íomhá
Íomhá
Stephen Driscoll on NYPD

Bhi se deacair ag duine gan a bheith croibhriste sna seachtaini deireanacha de mhi na Bealtaine. Ar dtus, thainig La na Maithreacha agus d’imigh se i gCathair Nua-Eabhrac. Mar a bheifea ag suil, thosaigh daoine ag smaoineamh ar mhaithreacha na bpoilini agus na bhfear tine, agus ar mhaithreacha na ndaoine eile go leir, a maraiodh in ionsai na sceimhlitheoiri ar an 11 Mean Fomhair. Ansin thainig an sceala amach ar an 30 Bealtaine go raibh deireadh ag teacht go luath leis an oibriocht tarrthala agus tochailte ag Ground Zero - obair a bhi ar siul ceithre uair is fiche sa la le hocht mi roimhe sin. Chiallaigh se sin go mbeadh na ceadta teaghlach trombhuartha ann nach bhfaigheadh ar ais corp iad siud a chaill siad go deo.

Bhi cuid de theaghlaigh na n- iospartach chomh feargach sin go raibh deireadh tagtha leis an oibriocht, agus gur tharla se seo ar la an-mifheiliunach, an Deardaoin, gur chuir siad isteach ar cheadunas chun a n- imeacht fein a reachtail ar an Domhnach, 2 Meitheamh. Leirionn se seo, in ainneoin go bhfuilimid ag tarraingt ar chomoradh bliana an ionsai sceimhlitheoireachta, go bhfuil an creacht fos beo .

Feach ar chas Letitia Driscoll, as Cill Dara o dhuchas, a raibh a mac, an tOifigeach Stephen P. Driscoll, ar dhuine den tri oifigeach is fiche den NYPD a maraiodh an la uafasach sin. “Taimid ag cineal teacht chugainn fein,” a duirt Driscoll, as Lake Carmel, Nua-Eabhrac liom, le linn cumarsaide giorra a bhi agam lei roimh dheireadh seachtaine La na Maithreacha, agus i tar eis bheith ag seirbhis chuimhneachain in Albany. I ndiaidh na hocaide sin, bhailigh baill den teaghlach leo go Washington. Thainig teaghlaigh na n-iospartach le cheile ansin ag leacht sa phriomhchathair a togadh i gcuimhne ar na poilini go leir a maraiodh agus iad i mbun oibre. An tseachtain seo, cuireadh 60 ainm nua leis an liosta: an 23 on NYPD agus 37 eile on Port Authority Police a maraiodh in uafas mhi Mhean Fomhair. Ina measc, bhi Stephen P. Driscoll.

An t-aon abhar faoisimh a bhi ag na O’Driscolls na go bhfuarthas corp Stephen. I mi Dheireadh Fomhair, bhi ocaid ar siul i gcuimhne ar Driscoll, 38 - fear a raibh gra aige da theaghlach agus da phost, agus speis aige sa tseoltoireacht agus a bheith ag maireachtail in aice leis an uisce. Chuir comhghleacai agus cara de chuid Driscoll, Joe McFadden - a bhfuil a bhreithla ar 11 Mean Fomhair - sios ar a chara marbh, a rugadh ar 4 Iuil, mar laoch croga . “Ba chara iontach e. Bhi se broduil as a bheith ina phoilin,” a duirt McFadden ina aitheasc a bhi lan mothuchan. “Chuaigh Stephen isteach san Ionad Tradala Domhanda . D’fhag se muid ag deanamh rud eigin a raibh a chroi istigh ann go hiomlan.”

Cuimhni ceanula

Bhi Driscoll ina bhall den NYPD o bhi Eanair 1992 ann, agus ceapadh e mar bhall den Aonad Seirbhisi Eigeandala i mi Lunasa 1998. Chaith se treimhse leis an Aonad Coireachta Sraide chomh maith. Bhi se trath le Cabhlach na Stat Aontaithe agus ba Gharda Onorach e san Emerald Society Pipe and Drum Band, chomh maith le bheith ina bhall gniomhach den Emerald Society. Ta dearthair ceile Driscoll ina shairsint leis an NYPD. Maireann a bhean Ann, mac Barry, deirfiuracha Sheila, Jeanne, Gall agus Michelle, mar aon lena dhearthair Michael. Agus, gan amhras, a athair Patrick agus a mhathair Letitia.

Mar a tharla i gcas go leor daoine amuigh ansin, is cinnte go raibh cuimhni ceanula chomh maith le cinn phianmhara ag na Driscolls La na Maithreacha. (De reir meastachain amhain, chaill breis is 120 paiste athair ar phoilin e ar an 11 Mean Fomhair.) Bhi na mothuchain sin le feiceail go soileir sna h iomhanna a thainig o shearmanais i Washington i mi na Bealtaine a chuir tus le Seachtain Naisiunta na bPoilini. Bhi an balla ar a gcuimhnitear ar na poilini a chaill a mbeatha agus iad ar dualgas breac le nithe pearsanta: grianghraif, litreacha agus go leor eile.

I lathair freisin bhi paiste an aon mhathar on NYPD a cailleadh la an uafais. Sin Patricia Smith ata dha bhliain d’aois arbh i a mathair, Moira, an t-aon phoilin mna on fhorsa sin a maraiodh ar an 11 Mean Fomhair. “Ta si ag tosu ag tuiscint,” a duirt athair Moira, Jim Smith, “go bhfuil a mamai sna flaithis .” Bhi piopa mala sollunta le cloisteail. Bhi bigil coinnle ann. Agus, nios tabhachtai fos, bhi a lan teaghlach ansin a thuig cailliuint a cheile. “Braithim onoir nuair a fheicim na daoine seo go leir,” a duirt deirfiur Stephen Driscoll, Jeanie, leis an New York Daily News le linn di bheith i Washington. “Ba e mo dhearthair an rud ba thabhachtai i mo shaol agus braitheann gach duine a shabhail se mar sin faoi anois chomh maith.”

Cuimhniodh ar Stephen Driscoll an mhi seo caite chomh maith sa chathair ar oibir se inti ar feadh beagnach deich mbliana. Ag One Police Plaza, chruinnigh poilini agus a dteaghlaigh le cheile do sheirbhis ag ar nochtaiodh plaic . Ta ainmneacha na bpoilini de chuid an NYPD a maraiodh ar an 11 Mean Fomhair ar an phlaic seo: Driscoll, Smith agus a gcomradaithe go leir a chaill a mbeatha. Cuirfidh an phlaic shimpli seo in iul doibh siud a thabharfaidh cuairt ar oifig riarachain an NYPD an praghas ard a d’ioc siad siud a fuair bas.

Is beag faoiseamh a thabharfaidh a leitheid do dhaoine nuair a thiocfaidh La na Maithreacha - no La na nAithreacha no aon saoire eile. Ar a laghad, o Washington go Manhattan, is sli e doibh siud ata fos beo lena mbuiochas o chroi a chur in iul .

Ta Tom Deignan ag obair mar eagarthoir agus mar cholunai leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarleachtoir ollscoile e.

RSS FREAGRAI NA LEITHEOIRI  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar choipeail. Ni ga go mbeadh na tuairimi a nochtar i m Beo! ar aon dul le tuairimi na bhfoilsitheoiri. Suiomh coirithe ag MBM . Usaidtear grafaici de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an laithrean seo.